Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 10:24 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Agus a duḃairt Samuel ris an bpobal uile, Féaċuiḋ an té do ṫoġ an TIĠEARNA, naċ ḃfuil aon cosṁuil ris a measc an ṗobail uile? Agus do ġáireadar an pobal uile, agus a duḃradar, Go mairiġ an riġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 10:24
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla, a nuáir ṫáinic Ċusai an Tarċiteaċ, cara Ḋáiḃi, ċum Absoloin, go nduḃairt Ċusai re Absolon, Go mairiġ an ríġ, Go mairiġ an ríġ.


Tugṫar móirṡeisior dá ṁacaiḃ ḋúinn agus croċfam súas íad don TIĠEARNA a Ngibeah Ṡauil, noċ do ṫoġ an TIĠEARNA. Agus a duḃairt an ríġ, Do ḃéara mé ḋiḃ íad.


Nó teigeoṁaiḋ a núair, ċuideolus mo ṫiġearna an ríġ a ḃfoċair a aiṫreaḋ, go measfuiġṫear misi agus mo ṁac Solaṁ ar naindliġṫeaċaiḃ.


Oir do ċuáiḋ sé síos a niuġ, agus do ṁarḃ sé daiṁ agus áirnéis reaṁar agus caóiriġ go hiomadaṁuil, agus do ġoir sé mic an ríġ uile, agus caiptiniġ an tslóiġ, agus Abiatar an sagart; agus, féuċ, atáid ag iṫe agus ag ól da laṫair, agus a deirid siád, Go mairiġ an ríġ Adoniiah.


Agus ungaḋ Sádoc an sagart, agus Nátan an fáiḋ ann sin é na ríġ ós cionn Israel: agus séidiġsi an stoc, agus abruiḋ, Go mairiġ an ríġ Solaṁ.


Agus do ḃean Sádoc an sagart aḋarc ola amaċ as an ttabernacuil, agus do ungaiḋ sé Solaṁ. Agus do ṡéideadar an stoc; agus a duḃairt an pobal uile, Go mairiġ an ríġ Solaṁ.


Agus ṫug sé mac an ríġ amaċ, agus do ċuir coróin air, agus ṫug an nfíaḋnuise ḋó; agus do rinneadar ríġ ḋe, agus do ungadar é; agus do ḃuáileadar a mbasa air a ċéile, agus a duḃradar, Go mairiġ an ríġ.


Ann sin ṫugadar amaċ mac an ríġ, agus do ċuireadar an ċoróin air, agus ṫagadar an nfíaḋnuise ḋó, agus do rinneadar ríġ ḋe. Agus do ung Iehóiada agus a ṁic é, agus a duḃradar, Go mairiġ an ríġ.


Agus do ṫógaiḃ an slúaġ do ḃí roiṁe, agus na ḋiáiġ, gáir, ag ráḋ, Hósanna do ṁac Ḋáiḃí: Is beannuiġṫe an té ṫig a nainm an Tiġearna; Hósanna annsna hárdaiḃ.


Cuirfe tú ar gaċ uile ċor an té sin na ríġ ós do ċionn, noċ ṫoiġfeas do ṪIĠEARNA Día: aon a measc do ḋearḃráiṫreaċ ċuirfios tú na riġ ós do ċionn: ni ḟéadann tú coiṁiġṫeaċ do ċur ós do ċionn naċ ḃfuil na ḋearḃráṫair agad.


Agus do ċúadar an pobal uile go Gilgal; agus do rinneadar ríġ do Ṡaul ann sin a laṫair an TIĠEARNA a Ngilgal; agus annsin do ioḋbradar ióḋbarṫa ofrála síoṫċána a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA; agus ann sin do rinne Saul agus clanna Israel uile gáirdeaċus mór.


Agus a duḃairt Samuel re Hisrael uile, Féuċaiḋ, déist mé ré ḃur nglór ann gaċ uile ní dá nduḃraḃair riom, agus do rinne mé ríġ ós ḃur ccionn.


Anois ar a naḋḃarsin, féaċaiḋ an ríġ do ṫoġaḃáir, agus díarraḃair! agus, féaċuiḋ, do ċuir an TIĠEARNA ríġ ós ḃur gcionn.


Agus do ḃí mac aige, dar ḃainim Sául, toġa duine óig, agus dearcnuiġ; agus ní raiḃ a measc ċloinne Israel pearsa dob arraċda ná é: ó na ġuáilliḃ súas dob áirde é ná éainḟear don ṗobal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ