Ann sin do ċuáiḋ Ieṗtah lé seanuiḃ Ġílead, agus do rinneadar an pobal ceann agus caiptín de ós a ccíonn: agus do laḃair Ieṗtah a ḃriaṫrá uile a laṫair an TIĠEARNA a Mispeh.
An sin do ċúadar clann Israel uile amaċ, agus do ċruinniġeadar an coṁċruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile aṁuil éanduine aṁáin, ó Ḋan go Beerséba, maille ré tír Ġilead, ċum an TIĠEARNA a Mispeh.
Agus do ċúadar an pobal uile go Gilgal; agus do rinneadar ríġ do Ṡaul ann sin a laṫair an TIĠEARNA a Ngilgal; agus annsin do ioḋbradar ióḋbarṫa ofrála síoṫċána a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA; agus ann sin do rinne Saul agus clanna Israel uile gáirdeaċus mór.
Agus do imṫiġeaḋ ó ḃlíaḋain go blíaḋain ar ċuáirt‐timċill go Bétel, agus Gilgal, agus Mispeh, agus do nioḋ sé breiṫeaṁnus ar Israel ann gaċ áit ḋíoḃ sin.