10 Agus a núair ṫangadar ann sin ċum an ċnoic, féaċ, tárla cuideaċda do ná fáiġiḃ ris; agus ṫaínic spiorad Dé airsion, agus do rinne sé fáiġeadóireaċd mar aon riú.
¶ Agus a nuaír ṫáinic sé go Lehi, do ġáireadar na Ṗilistíniġ na aġaiḋ: agus táinic spiorad an TIĠEARNA go cuṁaċdaċ airsion, agus do ḃádar na córduiḋ do ḃí ar a láṁuiḃ mar líon do loisgfiḋ lé teiniḋ, agus do scaóileadar a ċeangail dá láṁuiḃ.
Agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA air, agus do ḃreaṫnuiḋ sé an Israel, agus do ċúaiḋ amaċ do ḋéanaṁ cogaiḋ: agus ṫug an TIĠEARNA Ċusan‐risataim ríġ Ṁesopotámia ann a láiṁ; agus do búaḋuiġ a láṁ a naġaiḋ Ċusanrisataim.
Ann sin do ġlac Samuel a naḋarc ola, agus do ungaiḋ eision a lár a ḋearḃráiṫreaċ: agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA ar Ḋáiḃi ón lósin amaċ. Ann sin déiriġ Samuel súas, agus do ċúaiḋ go ramah.
Agus tóigfe mé súas daṁ féin sagart lán dfirinne, noċ ḋéanas do réir mar atá ann mo ċroiḋe, agus ann minntinn: agus tóigfe mé tiġ daingion dó; agus siuḃoluiḋ sé roiṁe mo ungṫaċ go bráṫ.