1 An sin do ġlac Samuel soiṫeaċ ola, agus do ḋóirt air a ċeann é, agus do ṗóg é, agus a duḃairt, Naċ uime dungaiḋ an TIĠEARNA ṫu ċum ḃeiṫ ad ċaiptín ós cionn a oiġreaċda?
Agus do ċúadar an pobal uile anonn tar Iordan. Agus a nuáir ṫáinic an ríġ a nail, do ṗóg an ríġ Barsillai, agus do ḃeannuiġ é; agus dfill sé ḋá áit féin.
Is áon misi don droing atá síoṫċánta agus firinneaċ a Nísrael: atá tusa ag íarruiḋ caiṫreaċ do ṁilleaḋ agus fós príoṁċaṫair a Nísrael: cred fá sluícfeá suás oiġreaċd an TIĠEARNA?
Mar an gcéadna roiṁe so, a nuáir do ḃí Saul na ríġ ós ar gcionn, ba tusa an té do ṫreóruiġeaḋ amaċ agus do ḃeireaḋ a steaċ Israel: agus a duḃairt an TIĠEARNA riot, Beaṫoċuiḋ tú mo ṗobal Israel, agus biáiḋ tú ad ċaiptín os cionn Israel.
Fill á rís, agus innis do Heseciah caiptín mo ṗobail, Is marso a deir an TIĠEARNA, Díahaṫar Dáiḃi, Do ċuála mé hurnaiġ, agus do ċonnairc mé do ḋéora: féuċ, sláineoċuiḋ mé ṫu: ar an treas lá raċá tú súas go tiġ an TIĠEARNA.
Agus do ġoir Elisa an faíġ air aon do ċloinn na ḃfáġ, agus a duḃairt sé ris, Criosluiġ súas do ċáol, agus glac an bocsa olasa ann do laíṁ, agus imṫiġ go Rámot‐ġílead;
Agus a duḃradarsan, As bréagaċ sin; innis dúinn anois. Agus a duḃairt seision, Marso agus marso do laḃair sé riomsa, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA, Do ung mé ṫú ad ríġ ós cionn Israel.
Póguiḋ an Mac, deagla go mbíaḋ sé feargaċ, agus go raċaḋ siḃ a múġa san tsliġe, an tan lasfus a ḟearg ḋá laġad. Is beannuiġ an dream uile, noċ ċuirios a ndóiġ ann.
Glac ṫusa mar an gcéadna ċugad spiósra oirḋearca, do ṁirr ġloinn cúig ċéad secel, agus do ṡinamon deaġḃoluid a leaṫ oiread sin, ḋá ċéad agus caógad secel, agus do ċalamus déaġḃoluiḋ ḋá ċéad agus cáogad secel,
Marso do hóirneaḋ ṫú lé hór agus lé hairgiod; agus do ḃí héaḋaċ do líon ṁín, agus do ṡíoda, agus dobair ḃriódneireaċda; a duáiġ tú plúr mín, agus mil, agus olá: agus do ḃí tú ro sgíaṁaċ, agus ráinic tú ḃeiṫ ad rioġaċt.
Agus anois peacuiġid síad ní is mó agus ní is mó, agus do rinneadar ioṁáiġe leaġṫa dá nairgiod, agus ioḋail do réir a ttuicsiona féin, íad uile oibreaċa na ḃfear ceirde: a deirid dá ttáoḃsan, Na daóine ioḋbras pógaidís na laóiġ.
Oír dob iomċuḃaiḋ don tí, ar son a ḃfuilid na huile neiṫe, agus tré a ḃfuilid na huile neiṫe, ar dtaḃairt ṁorain cloinne ḋó ċum glóire, ceannurra a slánaiġṫe do ḋéunaṁ iomlán tré ḃuáiḋearṫuiḃ.
Agus ar nglacaḋ an leaḃair ḋó, do leigeadar na ceiṫre beaṫuiġ agus an ceaṫrar ar ḟiċid seanóir íad féin síos a ḃfíaḋnuise a Nuáin, ar mbeiṫ ċláirseaċ, agus ṡoiṫeaċ nórġa ag gaċ áon díoḃ fó leiṫ lán do ḋeagḃalaiḋiḃ, agár ab íad urnuiġe na náoṁ íad.
Féaċuiḋ, atáim annso: déanuiḋ fiaḋnuisi am aġaiḋ a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair a ungṫuiḋ: Cía agaiḃ dar ḃean mé a ḋaṁ? nó cía dar ḃean mé a assal? no cía do ṁeall mé? no cía do ġortuiġ mé? nó cía hí an láṁ as ar ġlac mé cuṁa ar biṫ do ḋallaḋ mo ṡul leis? agus aiseoga mé ḋíḃ é.
Aċt anois ní ṡeasfuiḋ do rioġaċd: díarr an TIĠEARNA duine ḋó féin do réir a ċroiḋe féin, agus do aiṫin an TIĠEARNA ḋé ḃeiṫ na ċaiptin os cionn a ḋaoine, do ċionn nar ċoṁéad tusa an ní do ḟuágair an TIĠEARNA ḋuit.
Agus a duḃairt Samuel fós ré Saul, Do ċuir an TIĠEARNA misi dot ungaḋsa dot ḃeiṫ ad ríġ ós ċionn a ṗobail, ós cíonn Israel: anois ar a naḋḃarsin taḃairsi haire dfuaim briaṫar an TIĠEARNA.
Agus a duḃairt Samuel, A núair do ḃí tú beag ad raḋarc féin, naċ ndéarnaḋ ceann díot ar ṫreaḃuiḃ Israel, agus nar ungaiḋ an TIĠEARNA ṫú ad ríġ ós cionn Israel?
Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Gá fad ḃías tú ag dó ḃrón tre Ṡaul, ó ċuir misi ar gcúl é ó ḃeiṫ na ríġ ós cionn Israel? líon haḋarc dola, agus imṫiġ, cuirfiḋ misi ṫú ċum Iesse an Betlehemíteaċ: do ṫoġ mé ríġ ḋaṁ féin a measc a ṁac.
Ann sin do ġlac Samuel a naḋarc ola, agus do ungaiḋ eision a lár a ḋearḃráiṫreaċ: agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA ar Ḋáiḃi ón lósin amaċ. Ann sin déiriġ Samuel súas, agus do ċúaiḋ go ramah.
Brisfiġear náṁuiḋ an TIĠEARNA na míreannuiḃ; amaċ ó neaṁ do ḋéana sé tóirneaċ orra: breaṫnoċuiḋ an TIĠEARNA cúainniġ an doṁuin, agus do ḃeara sé neart ḋá ríġ, agus áirdeoċaiḋ sé aḋarc a ungṫaiḋ.
Agus a duḃairt sé re na ḋaóiniḃ, Nár léige Día go ndéanainnsi an níse rém ṁaiġistir, ungṫaċ an TIĠEARNA, mo láṁ do ṡíneaḋ amaċ na aġaiḋ, o sé ungṫaċ an TIĠEARNA é.
Nár leígiḋ an TIĠEARNA go sínfinnsi amaċ mo láṁ a naġaiḋ ungṫaiġ an TIĠEARNA: aċ, guiḋim ṫusa anoís, glac an gaṫ atá agá ċéannaḋairt, agus an cruisgín uisge, agus bíom ag imṫeaċd.
A máraċ timċioll na húairesi cuirfe mé duine ċugad as tír Ḃeniamin, agus ungfuiḋ tú é ċum ḃeiṫ na ċaiptín ós cionn mo ṗobail Israel, go sáorfa sé mo ṗobal ó láiṁ na Ḃṗilístineaċ: óir dféaċ mé air mo ṗobal, do ċionn go ttáinic a ccoṁairc ċugam.
Agus a núair do ḃádar ag dul síos go críoċ na caiṫreaċ, a duḃairt Samuel ré Saul, Abair ris an nóglaċ drud roṁuinn ar a aġaiḋ, (agus do ḋruid sé rompa,) aċd fansa a ḃos go fóill, go ttaisbéana misi briaṫra Dé ḋuit.