7 Agus mar da níoḋ sé sin gaċa blíaḋna, a núair do ṫíaġ sisi súas go tiġ an TIĠEARNA, marsin do ḃuáiḋreaḋ sí í; uimesin do ġuileaḋ sí, agus ní iṫeaḋ sí.
Go ttáinic daóine airiġ ó Ṡeċem, ó Ṡíloh, agus ó Ṡamária, eaḋon ceiṫre fiṫċid fear, agá raḃadar a ḃféasóga beárrṫa agus a néaduiġe réubṫa, agus ar na ngearraḋ féin, maille re hofráluiḃ agus túis iona láṁuiḃ, dá ttaḃairt go tiġ an TIĠEARNA.
Ann sin a duḃairt Elcanah a fear ría, A Hannah cred fá nguilionn tú? cred fá naċ iṫeann tú bíaḋ? agus cred fá ḃfuil do ċroiḋe duḃaċ? naċ féarr ḋuit misi ágad ná deiṫneaṁar mac?
Agus do ġuiḋ Hannah, agus a duḃairt, Atá mo ċroiḋe solásaċ annsa TIĠEARNA, do hárduiġeaḋ maḋarc annsa TIĠEARNA; do fairsingeaḋ mo ḃéul ós cíonn mo náṁad; do ċionn go ngáirdiġim ann do ṡlánuġaḋsa.
Os a ċionn sin do níoḋ a ṁaṫair cóta beag ḋó, agus do ḃeireaḋ ċuige é ó ḃliáḋuin go blíaḋuin, a nuáir do ṫigeaḋ sí a níos lé na fear dofráil na hioḋbarṫa blíaḋnaṁla.