Agus a nuáir do ċonnairc Raċel náċ rug sí clann do Iacob, do ḃí tnúṫ ag Ráċel lé na deirḃṡiáir; agus a duḃairt sí re Iácob, Taḃair ḋaṁsa clann, nó do ġeaḃa mé bás.
Agus a duḃairt sí le na haṫair, Déantar an ní so ar mo ṡonsa: léigṫear ḋaṁ ḋá ṁí, go nimṫiġ mé síos agus súas air na slíaḃ, agus go gcaóine mé móġaċd, mé féin agus mo ċompánuiġ.
Agus do ġuiḋ Hannah, agus a duḃairt, Atá mo ċroiḋe solásaċ annsa TIĠEARNA, do hárduiġeaḋ maḋarc annsa TIĠEARNA; do fairsingeaḋ mo ḃéul ós cíonn mo náṁad; do ċionn go ngáirdiġim ann do ṡlánuġaḋsa.