Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 1:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus a duḃairt sí, O a ṫiġearna, mar ṁaireas hanum, mo ṫiġearna, is misi an ḃean do ṡeas ad ḟoċair annso, ag guiḋe an TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 1:26
11 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is mar so dearḃoċar siḃ: dar anum Ṗárao ni reaċṫáoi amaċ as so, muna ttí ḃur ndearḃraṫair as óigé annso.


Agus a duḃairt Uriah re Dáiḃi, Atá a náirc, agus Israel, agus Iúdah, a bpáilliúnuiḃ; agus atá mo ṫiġearna Ióab, agus serḃísiġ mo ṫiġearna, a ccampa ann sna maċairiḃ réiḋe; an raċa misi maseaḋ dom ṫiġféin, diṫe agus dol, agus do luiġe lem ṁnáoi? mar ṁairios tusa, agus mar is beó hanum, ní ḋéana misi an ní sin.


Agus a duḃairt an ríġ, Naċ ḃfuil láṁ Ioab leaċd annsa ċúisse uile? agus do ḟreagair an ḃean, agus a duḃairt, Mar ṁairios hanum, a ṫiġearna mo ríġ, ní feidir le héinneaċ filleaḋ ar a láiṁ ḋeis nó ċle ó éinní dar laḃaír mo ṫiġearna an ríġ: oir isé do ṡearḃḟoġantuíġ Ióab, a duḃairt riomsa, agus do ċuir na bríaṫra so uile a mbeul do ḃanóglaiċ:


Agus a duḃairt Elias re Helisa, Guiḋim ṫú, fan annso; óir do ċuir an TIĠEARNA misi go Bétel. Agus a duḃairt Elisa ris, Mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanumsa, ní ḟúigfiḋ mé ṫú. Marsin do ċuádar siós go Bétel.


Agus a duḃairt Elias ris, A Elísa, fan annso, íaruim mar aṫċuinge órt; oír do ċuir an TIĠEARNA misi go Ieriċo. Agus a duḃairt seision, Mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanumsa, ní ḋeileoċuiḋ mé riot. Marsin do ċuádar gó Ieriċo.


Agus a duḃairt Elias ris, Guíḋim ṫú, fan annso; óir do ċuir an TIĠEARNA misi go Iordan. Agus a duḃairt seision, Mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanumsa, ní ḟúigfiḋ mé ṫú. Agus dimṫiġeadar rompa aráon.


Agus a duḃairt maṫair an leiniṁ, Mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanumsa, ní fúigfiḋ mé ṫú. Agus déiriġ sé, agus do lean sé í.


Agus do ġoir Iábes ar Ḋía Israel, ġa ráḋ, Uċ naċ beannuiġeann tú misi ḋá ríriḃ, agus mo ṫeóruinn dfairsingeaḋ, agus go mbeiṫ do láṁ liom, agus go ccuiṁdeoċṫá ar olc mé, ċor naċ goillfeaḋ sé orum! Agus do áontuiġ Día ḋó an ní díarr sé.


¶ Agus a núair do ċonnairc Saul Dáiḃi ag dul amaċ a naġaiḋ an Ṗilistiniġ, a duḃairt sé ré Habner, caiptín an tslóiġ, Abner, cía ḋar mac an tógáuaċsa? Agus a duḃairt Abner, Mar ṁaírios hanum, a riġ, ní ḟeidir misi sin.


Agus ṫug Dáiḃi a ṁionna fós, agus a duḃairt, Atá a ḟios ag haṫairsi go deiṁin go ḃfuair misi grása ann do raḋarcsa; agus a duḃairt seision, Ná bióḋ a ḟios so ag Ionatan, deagla go ngoillfeaḋ sé air: aċd go deiṁin mar ṁairios an TIĠEARNA, agus mar ṁairios hanamsa, ní ḃfuil aċd coisceím eadram agus bás.


Anois ar a naḋḃarsin, a Ṫiġearna, mar ṁaireas an TIĠEARNA, agus mar atá hánum beó, ó buḋ tóil leís an TTIĠEARNA ṫusa dfostaḋ gan teaċd do ḋórtaḋ fola, agus ṫú fein do ċóngṁáil ó ḋioġaltas do ḋéanaṁ le dó laiṁ féin, anois bídis do naiṁdese agus an ṁéid íarrus olc dom Ṫiġearna, mar Nábal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ