Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 1:23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus a duḃairt Elcanah a fear ría, Déana mar do ċítear ḋuit féin; fan no go mbeantar do ċíġ é; aṁáin go ndaingniḋ an TIĠEARNA a ḟocal. Marsin do ḟan an ḃean, agus tug cíoċ dá mac nó gur oil sí é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 1:23
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus anois, a TIĠEARNA Día, an focal do laḃair tú a ttáoḃ do ṡearḃḟoġantuiġ, agus a ttáoḃ a ṫiġe, daingniḋ é go braṫ, agus déana mar a duḃairt tú.


Agus a nuáir déiriġ mé ar maidin do ṫaḃairt cíċe dom leanaṁ, feuċ, do ḃí sé marḃ, aċt a nuáir dféaċ mé air maidin go grinn air, féuċ, ni hé mo ṁac do ḃí ann, noċ do rug mé.


Aċt is tusa ṫug misi amaċ as an mbroinn: ṫug tú orum dóṫċus do ḃeiṫ agam agus mé ar ċíoċuiḃ mo ṁaṫar.


Noċ ḋaingniġios focal a ṡearḃḟoġantuiġe, agus ċoiṁlionas coṁairle a ṫeaċtaireaḋ; a deir re Ierusalem, Aitreoċṫar ṫú; agus ré caiṫreaċaiḃ Iúdah, Cuirfiġear súas siḃ, agus tóigfe misi súas a náite sgriosta.


Aċ ma rinne a fear díoṁáoin íad an lá do ċúaluiḋ sé íad; annsin giḋ bé ní ṫig as a béul amaċ a ttáoḃ a móideaḋ, nó a ttáoḃ ḃanna a hanma, ní ṡeasfuid síad: do rinne a fear díoṁáoin íad; agus maiṫfiḋ an TIĠEARNA ḋise.


Agus buḋ trúaġ do na mnáiḃ torrċa, agus don luċd do ḃeir cíċe úaṫa ann sna laiṫiḃsin.


Agus tárla, agá ráḋ so ḋó, gur árduiġ bean áiriġe don tsluáġ a gúṫ, agus go nduiḃairt sí, As beannaiġe an ḃrionn do iomċuir ṫú, agus na cíoċa do ḋiuġail tú.


Ann sin do ḟreagair Eli agus a duḃairt, Imṫiġ a síoṫċáin: agus go ndéonuiġ Día Israel haṫċuinge ḋuit noċ do íarr tú air.


Agus a duḃairt Saul, Deanum síos a ndiáiġ na Ḃṗilistineaċ san noiḋċe, agus creaċam íad nó go ttí solus na maidne, agus ná fágḃam duine ḋíoḃ. Agus a duḃradarsan, Déana giḋ ḃé ní is feárr do ċítear ḋuit. Ann sin a duḃairt an sagart, Táirngiom annso láiṁ re Día.


Ann sin a duḃairt sé re Hisrael uile, Bíṫíse ar éantaoḃ, agus braiḋ misi agus Ionatan mo ṁac don táoḃ eile. Agus a duḃairt an pobal ré Saul, Déana mar do ċítear ḋuit féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ