Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 1:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Agus do ċuáiḋ an tóglaċ Elcanah, agus a ṁuinntir uile, súas do ḋeanaṁ na híoḋbarṫa blíaḋnaṁla don TIĠEARNA, agus do ċoiṁlíonaḋ a ṁóide.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 1:21
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír is aiṫniḋ ḋaṁsa é, go ttiuḃra aiṫne ḋá ċloinn, agus dá ṫeaġlaċ na ḋiaiġ, agus coiṁédfuid sliġe an TIĠEARNA do ḋéunaṁ ceirt agus breiṫeaṁnuis; ionnus go ttiuḃra an TIĠEARNA air Abraham an ní sin do laḃair dá ṫaoḃ.


Tuigfe mé a sliġe iomláin. Cá huáir ṫiocfas tú ċucam? siuḃolad a ndíoġruis mo ċroiḋe a meaḋón mo ṫiġe.


Ann sin biáiḋ ionad noċ ṫoiġfeas an TIĠEARNA ḃur Ndía do ṫaḃairt fa deara a ainm do aitreaḃ ann; ċum a nionaid sin do ḃeurṫaoi gaċ uile ní dá naiṫniġimsi ḋáoiḃ; ḃur nófrala loiscṫe, agus ḃur níoċbarṫa, agus ḃur ndeaċṁaḋa, agus ofrála togṫa ḃur láṁ, agus ḃur móide uile noċ do ṁóideaḃair don TIĠEARNA:


Agus is ann sin do ḃéurṫaói ḃur nofrála loiscṫe, agus ḃur nióḋbairt, agus ḃur ndeaċṁaḋ, agus ofráil ṫógṫa ḃur láṁ, agus ḃur móide, agus ḃur nofrála toileaṁla, agus primidil ḃur nealḃann agus ḃur ttréud:


Agus má ċítior ḋaóiḃ gurob olc serḃís do ḋéanaṁ don TIĠEARNA, toġaiḋ féin a niuġ cía haca dá ndéantaoi serḃís; an do na déeiḃ noċ daḋair ḃur naiṫré táoḃ ṫall don tuile nó do ḋéeiḃ na Namoriteaċ, a ndúiṫċe a ḃfuiltí: aċ ar mo ṡonsa agus ar son mo ṫiġe, foiġeonam don TIĠEARNA.


Agus do ṫiaġ an fearsa súas as a ċaṫruiġ féin gaċa bliaḋna daḋraḋ agus do ḋéanaṁ íoḋbarṫa do Ḋía na slúaġ a Síloh. Agus dob íad dís mac Elí, Hoṗni agus Ṗineas, bá sagairt an TIĠEARNA ann sin.


Os a ċionn sin do níoḋ a ṁaṫair cóta beag ḋó, agus do ḃeireaḋ ċuige é ó ḃliáḋuin go blíaḋuin, a nuáir do ṫigeaḋ sí a níos lé na fear dofráil na hioḋbarṫa blíaḋnaṁla.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ