20 Uime sin tárla, a nuáir ṫáinic a naimsir timċioll tar éis Hannah do ḃeiṫ torraċ, go rug sí mac, agus ṫug Samuel dainm air, ġa ráḋ, Do ċionn gur íarr mé ar an TTIĠEARNA é.
Agus a duḃairt aingeal an TIĠEARNA ría, Féuċ, atá tú torraċ, agus béura tú mac, agus do ḃéura tú Ismael dainm air: do ċionn go ccúala an TIĠEARNA do ḃuaiḋreaḋ.
Agus do ġoir Iábes ar Ḋía Israel, ġa ráḋ, Uċ naċ beannuiġeann tú misi ḋá ríriḃ, agus mo ṫeóruinn dfairsingeaḋ, agus go mbeiṫ do láṁ liom, agus go ccuiṁdeoċṫá ar olc mé, ċor naċ goillfeaḋ sé orum! Agus do áontuiġ Día ḋó an ní díarr sé.
Agus do ḟás an leanaṁ, agus tug sí do inġin Ṗárao é, agus do ḃí na ṁac aice. Agus tug sí Máoise dainm air: agus a duḃairt sí, Do ċionn gur ṫarruing mé as a nuisge é.
Agus créd a déuruinn ní sa ṁó? óir do ḃíaḋ a naimsir ro ġearr agum ré ḃeiṫ ag cráoḃsgaóileaḋ ar Ġedéon, agus ar Ḃárac, agus ar Ṡampson, agus ar Ieṗtaé; agus ar Ḋáiḃi, agus Ṡamuel, agus ar na fáiḋiḃ: