18 Agus a duḃairt sisi, Faġaḋ do ḃanóglaċ grása ad ḟiaġnuisi. Marsin do imṫiġ an ḃean roimpe, agus duáiġ si bíaiḋ, agus ní raiḃ a gnúis duilḃir ni sa ṁó.
Agus atáid daiṁ agus assail agam, tréada agus seirḃísiġ fear agus seirḃisiġ ban: agus do ċuir mé teaċda uáim dá innisin dom ṫiġearna, ionnus go ḃfaġa mé grása ad raḋarc.
Agus do ḟilleadar na teaċda go Iacob, ag ráḋ, Tangamairne go nuige do ḋearḃráṫair Esau, agus atá seision ag teaċd mar an gcéudna do ṫeagṁáil ort, agus ceiṫre ċéud fear leis.
Agus a duḃairt Esau, Léig ḋaṁsa a nois cuid don ṁuínntir atá am ḟoċair dfágḃáil agad. Agus a duḃairt seision, Cionnus rioċṫara leas? faġaim a nois grása a raḋarc mo ṫiġearna.
Agus go líonaiḋ Día an dóṫċais siḃse do gaċ uile ġáirdeaċus agus ṡoiṫċáin ó ċreideaṁ ḋáoiḃ, ionnus go maḋ móide ḃur ndóṫċas, tré ċúṁaċdaiḃ an Spiorad Náoiṁ.
Ann sin a duḃairt sí, Faġaim faḃar ad laṫair, á ṫiġearna; do ċionn go ttúg tú sólás daṁ, agus gur laḃair tú go muinntearḋa red ṡeirḃiseaċ, matá naċ ḃfuilim cosṁuil re haon dot ċailiniḃ féin.
Agus a duḃairt Rút an Moabíteaċ re Naomi, Léig ḋaṁsa a nois dul fan maċaire, ċum déasa arḃa do ḋioġluim a ndiáiġ an té a ḃfaġa mé grása iona raḋarc. Agus a duḃairt sisi ría, Imṫiġ a inġean.