Agus do ġoir Iábes ar Ḋía Israel, ġa ráḋ, Uċ naċ beannuiġeann tú misi ḋá ríriḃ, agus mo ṫeóruinn dfairsingeaḋ, agus go mbeiṫ do láṁ liom, agus go ccuiṁdeoċṫá ar olc mé, ċor naċ goillfeaḋ sé orum! Agus do áontuiġ Día ḋó an ní díarr sé.
Agus a duḃairt Elcanah a fear ría, Déana mar do ċítear ḋuit féin; fan no go mbeantar do ċíġ é; aṁáin go ndaingniḋ an TIĠEARNA a ḟocal. Marsin do ḟan an ḃean, agus tug cíoċ dá mac nó gur oil sí é.
Agus a duḃairt Ionatan re Dáiḃi, Imṫiġ a síoṫċain, do ḃríġ go ttug gaċ nduine aguinne aráon a ṁionna a nainm an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Bioḋ an TIĠEARNA eadrumsa agus tusa, agus eidir mo ṡlioċdsa agus do ṡlioċtsa go bráṫ. Agus déiriġ seision agus dimṫiġ sé: agus do ċuaiḋ Ionatan don ċaṫruiġ.
Mar sin do ġlac Dáiḃi as a láiṁ gaċ ní dá ttug sí ċuige, agus a duḃairt sé ría, Imṫiġ súas a síoṫċáin ċum do ṫiġe; féuċ, déist misi red ġlór, agus do ġlac mé go maiṫ do ġnúis.