Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Rioġ 9:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Do ċúala mé do ġuiḋe agus híarratus, noċ do rinne tú am ḟiaḋnuise: do ḃeannuiġ mé an tiġso, noċ do rinne tú, do ċur manma ann go bráṫ; agus béid mo ṡúile agus mo ċroiḋe ann go síorruiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Rioġ 9:3
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Go ḃfoisceoltá do ṡúile leaṫ ris an ttiġso do ló agus doiḋċe, eaḋon leaṫ ris a náit noċ a duḃairt tú, Biáiḋ mainm ann sin: iondus go néistiġ tú ris an nguiḋe ḋéanas do ṡearḃḟoġantuiġ ann sa náitse.


Fill á rís, agus innis do Heseciah caiptín mo ṗobail, Is marso a deir an TIĠEARNA, Díahaṫar Dáiḃi, Do ċuála mé hurnaiġ, agus do ċonnairc mé do ḋéora: féuċ, sláineoċuiḋ mé ṫu: ar an treas lá raċá tú súas go tiġ an TIĠEARNA.


Agus do ṡuiġiḋ sé íaṁáiġ ġráḃálta don ġarrán do rinne sé annsa tiġ, a ttaóiḃ a nduḃairt an TIĠEARNA ré Dáiḃi, agus re Solaṁ a ṁac, Annsa tiġsi, agus ann Ierusalem, noċ do ṫoġ mé as treaḃuiḃ Israel uile, ċuirfios mé mainm go bráṫ:


Agus do ċuir sé íoṁáiġ oibriġṫe, (an tioḋal do rinne se féin), a ttiġ Dé, dá nduḃairt Día ré Dáiḃi agus re Solaṁ a ṁac, Annsa tiġsi, agus ann Ierusalem, noċ do ṫoġ mé os treaḃuiḃ Israel uile, ċuirfios misi mainm go bráṫ:


¶ Anois, mo Ḋía, guiḋim ṫú, bídís do ṡúile foscuilte, agus bídís do ċlúasa aireaċ don nurnuiġ noċ do ḋéantar san náitsi.


Agus go scriosuiġ an Día ṫug fa deara a ainm dáitiuġaḋ aunsin na huile riġṫe agus ṗobal, ċuirfios a láṁ daṫarraḋ agus do ṁill aḋ an tiġesi Dé atá ann Ierusalem. Misi Dárius do rinne an torduġaḋ; coiṁlíontar é go luáṫ.


A ṪIĠEARNA, do ċúaluiḋ tú fonn a na nuṁal: uillṁeoċa tú a ccroiḋe, do ḃéarair air do ċluáis éisdeaċd:


Is ionṁuin liom an TIĠEARNA, do ḃríġ go ccluin sé mo ġuṫ ann maṫċuinġiḃ.


Gáirid na fíréin, agus do ċluin an TIĠEARNA, agus sáoruiḋ íad ó na nuile anacra.


Do rugadar neiṫe éaigceart buáiḋ am aġaiḋ: sgagfa tusa, ar saruiġṫe.


Aċt go deiṁin do ċúalaiḋ Día mé; ṫug sé aire do ġuṫ murnaiġ.


Oir ís a sé láeṫiḃ do rinne an TIĠEARNA neaṁ agus talaṁ a nfairge agus a nuile ni atá ionta, agus do scuir sé an seaċdṁaḋ lá: uime sin do ḃeannuiḋ an TIĠEARNA lá na sábóide, agus da naoṁuiġ é.


Agus náoṁṫoċa mé tabernacuil an ċoṁċrúinniġ, agus a naltóir: náoṁṫoċa mé mar an gcéadna Aaron agus a ṁic, do ṁiniostralaċd ḋaṁ a noifig an tsagairt.


Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Gioḋ go seasfaḋ Maoise agus Samuel am ḟiaḋnuisi, ṫairis sin nior ḃféidir minntinn do ḃeiṫ leis an muinntirsi: teilg amaċ as mo raḋarc íad, agus éirġidís amaċ.


Agus teaċt agus seasaṁ am ḟiaḋnuisise annsa tiġsi, noċ goirṫear a mainm, agus a ráḋ, Atámaoidne sáor ó ḋéanaṁ na gráineaṁlaċtsa uile?


A ttosaċ híarratuis ṫáinic a náiṫna amaċ, agus atáimsi ar tteaċd dá ṫaisbeanaḋ ḋuitsi; óir áta tú ar do ġráḋuġaḋ go ro ṁór: uimesin tuig an taḋḃar, agus meas a nfis.


Sionnsuiḋe na bpeacaċso a naġaiḋ a nanmann féin, déantar plátuiḋe leaṫna ḋíoḃ mar ḟolaċ do naltóir: óir do ofráladar íad a laṫair an TIĠEARNA, uime sin atáid náoṁṫa: agus béid na ccoṁarṫa do ċloinn Israel.


Air a naḋḃarsin déanaiḋsi ḃur nurnúiġe mar so. Ar Naṫaír atá ar neaṁ, Náomṫar hainm.


Agus atá a ḋeiṁin agam go gcluin tú mé do ġnáṫ: aċd ar son an ṗobail atá na seasaṁ am ṫimċeall a duḃairt mé so, ionnus go gcreidfidís gur tusa ċuir uáit mé.


Agus a duḃairt sé, A Ċornélius, do héisdeaḋ húrnaiġe, agus do coiṁniġeaḋ do ḋéirc a ḃfíaḋnuise Dé.


Dúiṫċe agá ḃfuil suim ag an TTIĠEARNA do Ḋía innte: óír atáid súile do ṪIĠEARNA Día uirre a gcoṁnuiġe, ó ṫosaċ fós go deireaḋ na blíaḋna.


Ann sin biáiḋ ionad noċ ṫoiġfeas an TIĠEARNA ḃur Ndía do ṫaḃairt fa deara a ainm do aitreaḃ ann; ċum a nionaid sin do ḃeurṫaoi gaċ uile ní dá naiṫniġimsi ḋáoiḃ; ḃur nófrala loiscṫe, agus ḃur níoċbarṫa, agus ḃur ndeaċṁaḋa, agus ofrála togṫa ḃur láṁ, agus ḃur móide uile noċ do ṁóideaḃair don TIĠEARNA:


Má ḃíonn a náit do ṫoġ an TIĠEARNA do ċur a anma féin ann, a ḃfad úait, annsin muirfiḋ tú dot ealḃa agus dot ṫréud, noċ ṫug an TIĠEARNA ḋuit, mar do aiṫin misi ḋíot, agus íosa tú ann do ḋoirsiḃ féin giḋ bé ní iona mbía dúil ag hanum.


Aċ ċum na háite ṫoiġfeas an TIĠEARNA ḃur Ndía amaċ as ḃur ttreaḃuiḃ uile do ċur a anma ann, eaḋon dá ionad ċoṁnuiġe iarrfuiḋesi dul, agus is ann ṫiocfuiḋe:


Agus do ḋéana tú gáirdeaċus a laṫair do ṪIĠEARNA Dé, ṫú féin, agus do ṁac, agus hinġion, hóglaċ, agus do ḃanóglaċ, agus an Leḃíteaċ noċ atá táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ, agus an coiṁiġṫeaċ, agus an dílleaċda, agus an ḃaintreaḃaċ, ḃías ḃur measc, san náit noċ ṫoiġfeas do ṪIĠEARNA Día do ċur a anma ann.


Agus a sé so an dóṫċas atá aguinn as, éaḋon, ma íarrmuid éinne air do réir a ṫola, go néisdeann sé rinn:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ