9 Ní raiḃ éainní ann sa náirc aċd án dá ċlár ċloiċe, noċ do ċuir Maóise ann ag Hóreb, a nuair do rinne an TIĠEARNA cunnraḋ ré cloinn Israel, a nuair ṫangadar amaċ as críċ na Hégipte.
Ní raiḃ éinní san aírc aċd an dá ċlár do ċuir Maóise innte ag Hóreb, a nuáir do rinne an TIĠEARNA cunnraḋ ré cloinn Israel, an tan do ṫangadar ón Negipt.
Agus do ṫairngeadar amaċ maideaḋa na háirce, ċor go ḃfaicṫi cinn na maídeaḋ amaċ ón airc as coinne an noracuil; aċt ní facus amuiġ íad. Agus atáid annsin gus a niuġ.
Agus do ċuáiḋ an TIĠEARNA rompa san ló a bpíleir néill, do ṁúnaḋ na sliġeaḋ ḋóiḃ agus sa noiḋċe a bpíleir ṫíneaḋ, do ṫaḃairt soluis dóiḃ, do imṫeaċd do ló agus doiḋċe.
Agus táinic, timċioll ḟaire na maidne gur ḟéuċ an TIĠEARNA ar ṡlúaġ uiḃ na Négipteaċ ṫríd an bpileir tineaḋ, agus an néull, agus gur ḃuaiḋir slúaġ na Négipteaċ.
Agus tárla, mar do laḃair Aáron le coiṁṫionol ċloinne Israel uile, gur ḟéuċadur a leiṫ a nfásaiġ, agus, féuċ, do ḟoillsiġ glóir an TIĠEARNA annsa néull.
Ann sin do ċuáiḋ glóir an TIĠEARNA súas ón ċerub, agus do ṡeas ós cionn ṫairsiḋe an tiġe; agus do ḃí an tiġ líonta do néull, agus do ḃí an ċúirt líonta do ḋéalraḋ glóire an TIĠEARNA.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Laḃair ré Haáron do ḋearḃraṫair, gan teaċd gaċ éanuáir do náit náoṁṫa táoḃ a steaċ don ḟolaċ as coinne an tsuiḋe ṫrócaire, noċ atá ar a náirc; go naċ ḃfuiġeaḋ bás: óir taisbéanfa misi mé féin annsa néull ar an tsuiḋe ṫrócaire.
¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Taḃair slat Aáron a rís a laṫair na fiaḋnuise, dá taisciḋ mar ċoṁarṫa a naġaiḋ na meirlioċuiḃ; agus tóigfe tú ṫríd amaċ a monaḃar ḋíomsa, go naċ mbasuiġṫear íad.
¶ Agus an la do tógḃaḋ suas an tabernacuil do ḟoluiġ néull an tabernacuil, eaḋon, páilliún na fiaḋnuisi: agus traṫnóna do ḃí ar an ttabernacuil mar do ḃiaḋ táiṁseanaḋ tineaḋ, go maidin.
Sa náit a raiḃ an túiséir orrġa, agus áirc an ċonnarṫa ar na ḟolaċ timċioll ré hór, ann a raiḃ an pota orrġa ann a raiḃ an manna, agus slat Aáróin naċ do sgeiṫ, agus cláir an ċonnarṫa;
Agus do líonaḋ an teampoll ré deatuiġ ó ġlóir Dé, agus ó na ċúṁaċduiḃ; agus níor ḃféidir déineaċ dul a steaċ don teampoll, nó go raḃadar seaċd bpláġa na seaċd naingeal ar na gcríoċnuġaḋ.