4 Agus ṫugadar súas aírc an TIĠEARNA, agus tabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus a nuile ṡoiṫeaċ náoṁṫa do ḃí san tabernacuil, ṫugadar na sagairt agus na Leḃítiġ íad sin súas léo.
¶ Agus do hinnseaḋ do Ḋáiḃi ríġ, ġa ráḋ, Do ḃeannuiġ an TIĠEARNA tiġ Obed‐edom, agus a nuile ní dar ḃean ris, ar son airce Dé. Ann sin dimṫiġ Dáiḃi agus rug súas aírc Dé as tiġ Obed‐edom go caṫruiġ Ḋáiḃi maille re gaírdeaċus.
Mar sin do ċuáiḋ Solaṁ, agus an coṁċruinniuġaḋ uile iona ḟoċair, don náit áird do ḃi ann Gibeon; óir is annsin do ḃí tabernacuil ċoṁċruinniġ Dé, noċ do rinne Maóise searḃḟoġantuiġ an TIĠEARNA ann sa ḃfásaċ.