Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Rioġ 8:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus tangadar sinnsir Israel uile, agus do ṫógḃadar na sagai t a náirc súas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Rioġ 8:3
13 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus do hinnseaḋ do Ḋáiḃi ríġ, ġa ráḋ, Do ḃeannuiġ an TIĠEARNA tiġ Obed‐edom, agus a nuile ní dar ḃean ris, ar son airce Dé. Ann sin dimṫiġ Dáiḃi agus rug súas aírc Dé as tiġ Obed‐edom go caṫruiġ Ḋáiḃi maille re gaírdeaċus.


Agus ṫugadar na sagairt a steaċ aírc ċunnarṫa an TIĠEARNA ḋá háit féin, go horacuil an tiġe, do náit is rónáoṁṫa, eaḋon faói sciaṫanuiḃ na ċerubíniġ.


Annsin a duḃairt Dáiḃi, Ní cóir déanduine airc Dé iomċar aċd do na Leḃítiḃ: óir is íad do ṫoġ an TIĠEARNA diomċar aírce Dé, agus do ḋéanaṁ miniostralaċd ḋó go bráṫ.


Agus a nuair ċríoċnoċus Aáron agus a ṁic folaċ na sanctóra, agus uile ṡoiṫiġe na sanctora, mar ḃias an campa ag gluasaċd ar aġaíḋ; tar éis sin, tiocfuid mic Ċohat dá iomċar: aċd ni ḃeanfuid re héinní beannuiġṫe, deagla a mbásuiġṫe. Ag so úalaċ ṁac Ċohat a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫé.


Aċd ní ṫug se énċeann do ṁacaiḃ Ċohat: do ċionn gurob í serḃís na sanctóra do ḃean ríu agus gurob air a nguailliḃ do ċaiṫfidís sin iomċar.


¶ Agus do scríoḃ Maóise an dlíġeaḋsa, agus ṫug do na sagartuiḃ é do ċloinn Leḃi, noċ do iomċair airc ċunnarṫa an TIĠEARNA, agus do ṡeanniḃ Israel uile.


Agus do ḟuagradar don ṗobal, ġa ráḋ, A núair ċífiḋe airc ċunarṫa ḃur TTIĠEARNA Dé, agus na sagairt Leḃiteaċ gá hiomċar, ansin áṫroċuiḋe as ḃur náit, agus raċdáoi na díaiġ.


Agus do laḃair Iosua ris na sagartniḃ, ġá raḋ, Tóguiḋ súas aírc an ċunnarṫa, agus éirġiḋe ṫairis roiṁe an bpobal. Agus do ṫógḃadar aírc an ċunnarṫa súas, agus do ċúadar roiṁe an bpobal.


¶ Agus do ċuir Iosua ḋá ċloiċ ḋéag na seasaṁ a lár Iordan, san náit ar ṡeasadar cosa na sagart do iomċuir airc an ċunarṫa: agus atáid ansin gus a niuġ.


¶ Agus do ġoir Iosua mac Nun na sagairt, agus a dúḃairt riú, Togḃuiḋ súas airc an ċunarṫa, agus iomċraidís móirṡeisear sagart seaċd stuic daḋarcuiḃ reiṫeaḋ roiṁe airc an TIĠEARNA.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ