Agus dórduiġ Ieroboam féusta annsa noċdṁaḋ mí, ar an ccúigeaḋ lá déug don ṁí, saṁuil an nféasta ḃíos ann Iúdah, agus dofráil sé ar a naltóir. (Marsin do rinne sé a Mbétel) ag déanaṁ íoḋbarṫa do na láoġuiḃ do rinne sé: agus do ṡuiġiḋ sé a Mbétel sagairt na náiteaċ ard do rinne sé.
¶ Agus an tansin do rinne Solaṁ féusta, agus Israel uile na ḟoċair, coiṁṫionól ṁór, ó mar ṫéid tú a steaċ go Hamat go nuige aḃuinn na Hégipte, a laṫair an TTIĠEARNA Día, seaċd la agus seaċd lá, eaḋon ceiṫre lá ḋéag.
¶ Do ċuṁduiġeadar mar an ccéadna féusta na ttabernaclaċ, mar atá scrioḃṫa, agus dofrátadar na híoḋbarṫa loisge laéṫeaṁla maille re na nuiḃir, do réir an ġuáṫa, mar díarr oifig gaċ áonlaé;