Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Rioġ 8:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 An sin do ċruinniġ Solaṁ sinnsir Israel uile, agus cinn na ttreaḃ, prioṁaiṫre ċloinne Israel uile, gus an ríġ Solaṁ ann Ierusalem, go ttugaidís súas aírc ċunnarṫa an TIĠEARNA as ccaṫruiġ Ḋáiḃi, si sin Sion.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Rioġ 8:1
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus a núair ṫangadar go lár búailte Naċon, do ċuir Ussah a láṁ amaċ ċum airce Dé, agus do ġaḃ greim uirre; óir do ċroiṫeadar na daiṁ í.


¶ Mar sin do ċoduil Dáiḃi a ḃfoċair a aiṫreaḋ, agus do haḋlaiceaḋ é a gcaṫair Ḋáiḃi.


Agus do ṁúscail Solaṁ; agus, féuċ, dob aisling í. Agus ṫáinic sé go Hierusalem, agus do ṡeas a ḃfíaḋnuise aírce ċunnarṫa an TIĠEARNA, agus dofráil sé ofrála loisge, agus dioḋbuir sé ofrála síoṫċána, agus do rinne sé féusta ḋá ṡearḃḟoġantuiġiḃ uile.


Agus do áitreiḃ Dáiḃi annsa ċaislean; uime sin, ṫugadar caṫair Ḋáiḃi dainm air.


¶ Marsin do ċúaiḋ Dáiḃi agus sinnsir Israel, agus caiptíniġ na mílteaḋ, do ṫaḃairt airce ċunnarṫa an TIĠEARNA ó ṫiġ Obed edom maille re gáirdeaċus.


¶ Agus tárla, an tan ṫáinic airc ċunnarṫa an TIĠEARNA go caṫruiġ Ḋáiḃi, ar mbeiṫ do Ṁiċal inġean Ṡauil ag féuċuin amaċ air fuinneóig go ḃfacuiḋ sí Dáiḃi ríġ ag daṁsa agus ag súgraḋ: agus do ṫarcuisniġ sí é iona croiḋe.


Agus do ċruinniġ Dáiḃí Israel uile a ccionn a ċéile go Hierusalem, do ṫaḃairt aírce an TIĠEARNA súas dá haít, noċ do ullṁuiġ sé roimpe.


Agus do ċruinniġ Dáiḃi go Hierusalem prionnsaḋa Israel uile, prionnsaḋa na ttreaḃ, agus caiptíniġ na ccuideaċd do níoḋ miniostralaċd don ríġ ré sealuiġeaċd, agus caiptíniġ ós cionn na mílteaḋ, agus caiptíniḋ ós cionn na ccéad, agus na feaḋmannuiġ ós cionn máoine agus seilḃe an ríġ uile, agus a ṁac, maille ris na hoifigeaċaiḃ, agus ris na daóiniḃ curata, agus na daoíne gaisgeaṁla uile.


Agus do ċuir Heseciah fios go Hisrael uile agus go Iúdah agus do scríoḃ litreaċa fós go Héṗraim agus go Manasseh, teaċt go tiġ an TIĠEARNA ann Ierusalem, do ċongṁail na cásg don TIĠEARNA Día Israel.


Agus a núair ṫáinic an seaċtṁaḋ mí, agus do ḃádar clann Israel annsna caiṫreaċaiḃ, do ċruinniġeadar an pobal íad féin a gcionn a ċeile aṁuil aonduine go Hierusalem.


Dfoillsiuġaḋ anma an TIĠEARNA a Sion, agus a ṁolaḋ ann Ierusalem;


Cán molta don TIĠEARNA, noċ ċoṁnuiġios a Sion: foillsiġ a measc an ṗobail a ġníoṁarṫa.


¶ Ar a naḋḃarsin is marso a deir an Tiġearna DIA, Féuċ cuirfiḋ mé cloċ a Sion mar ḃunáit, cloċ ḋearḃṫa, cloċ ṁórluáiġ ċuáinne, bunáit ḋaingean: an té ċreidios ní ḋéana sé deiṫnios.


Do ḃeirimsi mfírinne a ngar; ní ḃiáiḋ sí a nimċían, agus ní ḟanfa mo ṡlánuġaḋ: agus suiġfe mé slánuġaḋ a Sion do Israel mo ġlóir.


Agus bioḋ ad ḟoċairsi duine dá gaċ éaintreiḃ; gaċ éanċeann tíġe ar lorg a naiṫreaḋ.


Agus do ġoir Iosua ar Israel uile, agus ar a seanóiriḃ, agus ar a cceannuiḃ, agus ar a mbreiṫeaṁnuiḃ, agus ar a noifigeaċuiḃ, agus do ráiḋ sé ríu, Atáimsi foirfe, agus aosta a mblíaḋnuiḃ:


Agus do ċruinniġ Iosua treaḃa Israel uile go Seċem, agus do ġoir ar ṡinnsioruiḃ Israel, agus ar a gceannuiḃ, agus ar a mbreiṫeaṁnuiḃ, agus ar a noitigeaċaiḃ; agus do ṫaisbéanadar íad féin a laṫair Dé.


Uime sin atá sgríoḃṫa sa sgriobtuir, Féuċ, cuirim a Síon prioṁċloċ an ċuáinne, toġṫa, mórluáiḋ: agus an tí ċreideas innte ní ḃfuiġe sé náire.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ