Agus ansa naonṁaḋ blíaḋain déug a mí Bul, (noċ así an toċdṁaḋ mí), do ċríoċmuġeaḋ é ann gaċ uile ċuid de, agus réir gaċ uile ċuma ḋe. Marsin do ḃí sé seaċd mblíaḋna ḋá ḋéanaṁ.
Do ḃí dorus an tséomra ṁéaḋónuiġ ar an ttáoḃ ndeas don tiġ: agus do ṫeiġdis súas don tséomra ṁe ḋónaċ le staiḋriġiḃ casda, agus as an meaḋónaċ don treas.
Mar sin do críoċnuiġeaḋ a nobair uile do rinne an ríġ Solaṁ do ṫiġ an TIĠEARNA. Agus ṫug Solaṁ a steaċ na neiṫe do ċoisríg Dáiḃi a aṫair; eaḋon an tairgiod, agus an tór, agus na soiṫiġe, do ċuir sé a measc ionṁuis ṫiġe an TIĠEARNA.
¶ Agus trí huáire san mblíaḋuin do íoḋbuir Solaṁ ofrála loisge agus ofrála síoṫċána ar a naltóir do rinne sé don TIĠEARNA, agus do loisg sé túís ar analtóir do ḃí a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA. Mar sin do ċríoċnuiġ sé an tiġ.
Agus do ṫóg sé súas an ċúirt timċioll fá gcuáirt an tabernacuil agus na haltóra, agus do ċuir súas brat ġeata na cúirte. Mar sin do ċrioċnuiġ Maóise a nobaír.