Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Rioġ 5:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus, féuċ, is mían leam tiġ ċur súas dainm mo ṪIĠEARNA Dé, mar do laḃair an TIĠEARNA rem aṫair Dáiḃi ga ráḋ, Do ṁac, noċ ċuirfios mé ad ionad, ann do ċaṫaoir ríoġa, cuirfe sé tiġ súas dom ainmsi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Rioġ 5:5
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Giḋeaḋ ní ḋéana tú an tiġ; aċd do ṁac noċ ṫiucfas as do leasraċ, do ḋéana sé tíġ dom ainmse.


Ná tugaiḋ éisteaċd do Heseciah: óir is mar so deir ríġ na Hassíria, Déunuiḋ réiteaċ riomsa maille re coṁuiḋ, agus tigiḋ amaċ ċugam, agus annsin iṫeaḋ gaċ áon aguiḃ dá ḟíneaṁuin féin, agus gaċ áon da ċrann fíge, agus iḃeaḋ gaċ áon duisge a ṫobair féin:


Do ḋéana seision tiġ ḋaṁsa, agus daingneoċaiḋ misi a ċaṫáoir rioġa go bráṫ.


Do ḋéana sé tiġ dom ainmsi; agus biáiḋ sé na ṁac agamsa, agus misi am aṫair aigesien, agus damgneaċuiḋ mé caṫaóir a rioġaċda ós cionn Israel go bráṫ.


Bí ar do ċioṁéad anois; óir do ṫoġ an TIĠEARNA ṫú do ḋeanaḋ tiġe don tsanctóir: bí láidir, agus déana é.


Agus a duḃairt sé riomsa, do ḋéana Solaṁ do ṁac, mo ṫiġse agus mo ċúirte: óir do ṫoġ mé é do ḃeiṫ na ṁac agum, agus biáiḋ misi am aṫair aigesion.


¶ Uime sin do ḋéantáoi mo statúidiġ, agus coiṁéadfuiḋe mo ḃreiṫeaṁnus, agus do ḋéantáoi íad; agus áiteoċṫáoi annsa dúṫaiġ gan ḟaitċios.


Agus do ḃéura an talaṁ a ṫoraḋ, agus íóstáoise ḃur sáiṫ, agus áiteoċṫáoi ann gan ḟaitċios.


Aċt suiġfiḋ gaċ uile ḋuine fáoi na ḟíneaṁuin agus fáoi na ċrann fíge féin; agus ní ċuirfe duine ar bioṫ eagla orra: óir isé béul TIĠEARNA na sloġ duḃairt é.


Annsa ló sin, a deir TIĠEARNA na slóġ, goirfiḋe gaċ uile ḋuine aguiḃ a ċoṁarsa fáoi an ḃfíneaṁuin agus fáoi an ccrann fíge.


Aítreaḃuiġ Israel ann sin a ndaingion na áonan: biáiḋ tobar Iacob ar ḟearann arḃa agus fíona; silfiḋ fós a ḟlaiṫeas drúċd a nuas.


An sin do ċúadar clann Israel uile amaċ, agus do ċruinniġeadar an coṁċruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile aṁuil éanduine aṁáin, ó Ḋan go Beerséba, maille ré tír Ġilead, ċum an TIĠEARNA a Mispeh.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ