Ann sin do ċuir an ríġ Rehoboam Adoram, noċ do ḃí ós cionn an ċíosa; agus do ċloċadar Israel uile é le cloċaiḃ, go ḃfúair sé bás. Uimesin do rinne an ríġ Rehoboam deiṫneas do ḋul súas ann a ċarbad, do ṫeiṫeaṁ go Hierusalem.
¶ Agus do ḃádar ḋá ḟear ḋéug doifigeaċaiḃ ag Solaṁ ós cionn Israel uile, noċ do ṡoláraḋ beaṫaḋ don ríġ agus dá ṫeaġlaċ: do níoḋ gaċ áon aca ullṁuġaḋ ann a ṁí féin san mbliaḋuin.
¶ Agus isé so fáṫ an ġeárṫa do ṫóg an ríġ Solaṁ; do ḋéanaṁ tiġe an TIĠEARNA, agus a ṫiġe féin, agus Millo, agus balla Ierusalem, agus Hasor, agus Megiddo, agus Geser.
Annsin do ċuir an ríġ Rehoboam Hadoram do ḃí ós cionn an ċíosa úaḋ; agus do ċloċadar clann Israel é ré cloċaiḃ, go ḃfuáir sé bás. Aċt do rinne an ríġ Rehoboam deiṫnios do ḋul súas iona ċarbad, do ṫeiṫioṁ go Hierusalem.