Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Annsna laéṫiḃ sin, béaruid deiṫneaṁar fear greim as uile ṫeangaiḋ na ccineaḋáċ, eaḋon béaruid siád greim air sciorta an tí ḃías na Iúduiġe, ag ráḋ, Raċuimne leaċd: óir do ċúalamar go ḃfuil Día maille riḃ.
Agus tiucfa a ccríċ annsna láeṫiḃ deiġionaċa, go ndaingneoċṫar slíaḃ ṫiġe an TIĠEARNA a mullaiġ na slíaḃ, agus go ttóigfear ós cionn na ccnoc é; agus riṫfiḋ a nuile ċineaḋ ċuige.
Agus a nuáir do ċúala bainríoġan na Séba clú Ṡoluiṁ, ṫainic sí do ḋearḃaḋ Ṡoluiṁ a cceastuiḃ cruáiḋe go Hierusalem, maille ré cuideaċduin ṁóir, agus lé cáṁalluiḃ ag iomċar spíosraḋ, agus roṁórán óir, agus ċloċa uáisle: agus a nuáir ṫáinic sí go Solaṁ, do ċoṁráiḋ sí ris fá gaċ ní dá raiḃ na croiḋe.
Agus do laḃair se ar ċrannuiḃ, ón ċrann céadair atá a Lebanon go nuige an nisoíp ḟásas amaċ as an mballa: do laḃair sé mar an gcéadna ar ainṁintiḃ, agus air eunlaiṫe, agus air ċréatúiriḃ snáṁaċáin, agus air íascaiḃ.