Agus ṫugadar súas aírc an TIĠEARNA, agus tabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus a nuile ṡoiṫeaċ náoṁṫa do ḃí san tabernacuil, ṫugadar na sagairt agus na Leḃítiġ íad sin súas léo.
Agus dioḋbair Solaṁ íoḋbairt ofrála síoṫċána, noċ do ofráil sé don TIĠEARNA, ḋá ṁíle ḟiṫċiod daṁ, agus céud agus fiṫċe míle cáora. Marsin do ċoisrig an ríġ agus clann Israel uile tiġe an TIĠEARNA.
Ann sin do laḃair Solaṁ re Hisrael uíle, re caíptíneaḋ na mílteaḋ agus na ccéad, agus ris na breiṫeambnuiḃ, agus re gaċ áon úaċdaran ann Israel uile, re ceannuiḃ na naiṫreaċ.
Mar sin do ċuáiḋ Solaṁ, agus an coṁċruinniuġaḋ uile iona ḟoċair, don náit áird do ḃi ann Gibeon; óir is annsin do ḃí tabernacuil ċoṁċruinniġ Dé, noċ do rinne Maóise searḃḟoġantuiġ an TIĠEARNA ann sa ḃfásaċ.
Oír ṫug Heseciah ríġ Iúdah don ċoṁċruinniuġaḋ míle bulóg agus seaċd míle cáora; agus ṫug na prionnsaḋa don ċoṁċruinniuġaḋ míle bulóg agus deiċ míle cáora: agus do náoṁuiḋ úiḃir ṁór ṡagart íad féin.
Agus tárla an ḃliaḋuin ċéadna, a ttosaċ rioġaċta Ṡedeciah ríġ Iúdah, annsa ċeaṫraṁaḋ bliaḋain, agus annsa ċúigeaḋ mí, gur laḃair Hananiah mac Asur an fáiġ, noċ do ḃí do Ġibeon, riomsa a ttiġ an TIĠEARNA, a laṫair na sagairt agus an ṗobail uile, ġa ráḋ,
Gur eagluiġeadar go mór, do ḃríġ go raiḃ Gíbeon na caṫruiġ ṁóir, mar aon do na caiṫreaċaiḃ ríoġaṁla, agus do ċionn gur ṁó í ná Ai, agus go raḃadar a daoine uile láidir.