Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Rioġ 3:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus do ġráḋuiġ Solaṁ an TIĠEARNA, ag imṫeaċd a statúidiḃ Ḋaiḃi a aṫar: aṁaín do níoḋ sé íoḋbairt agus do loisceaḋ túis ar na hárduiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Rioġ 3:3
51 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ar a ṡonsin ní ḃeanfa mé an rioġaċd uile as a láiṁ: aċd do ḋéana mé prionnsá ḋe ar feaḋ uile laéṫe a ḃeaṫa ar son Dáiḃi mo ṡearḃḟoġantuiġ, nóċ do ṫoġ mé, do ḃríġ gur ċoiṁeud sé maíṫeanta agus mo reaċda:


Agus is aṁluiḋ ḃías, má éisteann tú ré gaċ uile ni dá naiṫeonuiḋ misi ḋiot, agus go siuḃoluiḋ tú ann mo ṡliġṫiḃ, agus go ndeanair an ní ḃíus ceart ann mo raḋarc, do ċoiṁéad mo reaċda agus maiṫeanta, mar do rinne Dáiḃi mo ṡearḃḟoġantuiġ; go mbiáiḋ misi leatsa, agus go ndéana mé tiġ daingion duit, mar do rinne mé do Ḋáiḃi, agus do ḃéara mé Israel ḋuit.


Oír tárla a nuáir do ḃí Soluṁ áosta, gur iompóiġeadar a ṁná a ċroiḋe a ndíaiġ dée oile: agus ní raiḃ a ċroiḋe iomlán le na ṪIĠEARNA Día féin, mar do ḃí croiḋe Ḋáiḃi a aṫar.


Agus do rinne Solaṁ olc a raḋarc an TIĠEARNA, agus níor lean go hiomlán an TIĠEARNA, mar do rinne Dáiḃi a aṫair.


Oír do rinneadarsan dóiḃ féin áite árda, agus íoṁaiġeaċa, agus garráin, ar gaċ eanċnoc árd, agus faoi gaċ éanċrann ġlas.


Agus gur stiall mé an rioġaċd ó ṫiġ Ḋáiḃi, agus go ttug mé ḋuítsi í: agus fós naċ raiḃ tú mar mo ṡearḃḟoġantniġ Dáiḃi, noċ do ċoiṁéud maiṫeanta, agus do lean mé ré na uile ċroiḋe, do ḋéanaṁ an ní si aṁáin noċ fá ceart am raḋarcsa;


Agus do rinne Asa gaċ éainni fa maiṫ a raḋarc an TIĠEARNA, mar do rinne Dáiḃi a aṫair.


Aċd níor háṫruiġeaḋ na háite árda: giḋeaḋ do ḃí croiḋe Asa iomlán leis an TTIĠEARNA an fad do ṁair sé.


Agus do ṡiuḃail sé a bpeacaḋuiḃ a aṫar uile, noċ do rinne roiṁe: agus ní raiḃ a ċroiḋe iomlan le na ṪIĠEARNA Día, már ċroiḋe a aṫar Dáiḃi.


Do ċionn go ndéarna Dáiḃi an ní fa ċeart a raḋarc an TIĠEARNA, agus nar ḟill do leaṫṫaóiḃ ó ní ar biṫ dár aiṫin de ar feaḋ laéṫeaḋ a ḃeaṫa, aċt aṁáin a ccúis Uriah an Hititeaċ.


Agus do ṡiuḃail sé a sliġṫiḃ Asa a aṫar; níor ḟill sé do leaṫtaoiḃ uaḋ, ag déanaṁ an neiṫe fa ċeart a raḋarc an TIĠEARNA: giḋeaḋ niór cuireaḋ na háite árda ar ccúl; óir do íoḋbraidís an pobal agus do loisgedís fós túis annsna háitiḃ árda.


Agus do rinne Iehosaṗat síoṫċain ré ríġ Israel.


Agus má ṡiuḃluiġionn tú am ṡliġṫiḃsi, do ċoiṁéud mo reaċda agus maiṫeanta, mar do ṡiuḃail haṫair Dáiḃi, ann sin faideoċaiḋ mé do laeṫe.


Agus a duḃairt Solaṁ, Do ṫaisbéin tú dot ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi maṫair trócaire ṁór, do réir mar do ṡiuḃail sé ad ḟiaḋnuise a ḃfírinne, agus a ndioġruis, agus a ḃfíreantaċd croiḋe maille riotsa; agus do ċoiṁéud tú ḋó an cinéul mórso, go ttug tú ḋó mac do ṡuiḋe iona ċaṫaoir ríoġa, mar atá a niuġ.


Ar a naḋḃarsin anois, a ṪIĠEARNA Día Israel, coṁlíon dot ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi maṫair an ní do ġealluis dó, ġa ráḋ, Ní teisdeoċa duine úait ann mo raḋarcsa do ṡuiġe a ccaṫaóir ríoġá Israel; aṁáin má ḃeirid do ṡlioċd aire da sliġe, iondus go siuḃoluid am laṫairse mar do ṡiuḃuil tusa am laṫair,


Bíoḋ ḃur gcroiḋe ar a naḋḃar sin iomlán leis an TTIĠEARNA ar Ndía, do ṡiuḃal iona statúidiḃ, agus do ċoíṁéud a aiṫeantaḋ uile, aṁuil San ló a niuġ.


Agus má ṡiuḃluiġionn tusa am laṫair, mar do ṡiuḃuil haṫair Dáiḃi, a niomláine croiḋe, agus a ḃfíréantaċd, do ḋéanaṁ gaċ uile neiṫe dar aiṫin misi ḋíot, agus go ccoiṁéadfa tú mo statúidiġ agus mo ḃreiṫeaṁnuis:


Aċt níor cuireaḋ na háite árda ar geúl: do nídis an pobal a ccoṁnuiġ íoḋbuirt agus do loisgedís túis annsna háitiḃ árda.


¶ Agus a duḃairt Iehoas ris na sag airtaiḃ, Gaċ uile airgiod do na neiṫiḃ tioḋlaicṫe ḃeirṫear go tiġ an TIĠEARNA, eaḋon airgiod gaċ duine dá ndéan a ċuntas, an tairgiod meastar do ḋuine fa leiṫ, agus gaċ uile airgiod dá ttiucfa a ccroiḋe ḋuine do ṫaḃairt go tiġ an TIĠEARNA,


Agus do rinne sé ceart a raḋarc an TIĠEARNA, giḋeaḋ ní a ccosaṁlaċd Ḋáiḃi a aṫair: do rinne sé do reir gaċ uile neiṫe dá ndéarnuiḋ a aṫair Ioas.


Aċt ċeana níor scriosaḋ na háite arda: do ḃídís an pobal fós ag íoḋbuirt agus ag losgaḋ túise ar na háitiḃ árda.


Aċt ċeana níor haṫruiġeaḋ na háite árda: do nídís an pobal íoḋbuirt agus do loisgedís túis a ccoṁnuiġ annsna háitiḃ árda. Do ċuir sé súas an geata fa háirde do ṫiġ an TIĠEARNA.


Aċt níor háṫruiġeaḋ na háite árda: do nídis an pobal ioḋbairt agus do loisgedis túis a ccoṁnuiḋ annsna háitiḃ árda.


Aċt má deirṫí riomsa, Atá ar ndoíġ ann ar TTIĠEARNA Día, naċ é sin an té, ar ċuir Heseciah a aíte árda agus a altóra ar gcúl, agus a dubairt sé ré Iúdah agus ré Ierusalem, Do ḋéantáoi íoḋbuirt as coinne na haltórasa ann Ierusalem?


¶ Do aṫarruiḋ sé na háite árda, agus do ḃris sé na híoṁáiġe, agus do ġearr sé sios na garraín, agus do ḃris na codċannaiḃ a naiṫir niṁe ṗráis do rinne Máoise: óir gus an namsin do loisgeadís clann Israel túis di: agus do ġoir sé Nehustan di.


Aċt níor cuireaḋ na háite árda ar ccúl ann Israel: giḋeaḋ do ḃí croiḋe Asa iomlán ar feaḋ a ṡáoġail.


Coiṁéaduiġ an TIĠEARNA an ṁéid ler bionṁuin é: agus scriosfa se na huile ċiontoiġ.


Gráḋuiġiḋ an TIĠEARNA, ó siḃsi a náoiṁ féin uile: coiṁéaduiġ an TIĠEARNA an firinneaċ slán, agus díoluiḋ a luáiḋeaċd ris a núaiḃreaċ.


Ar ċor go ttiuḃraidís clann Israel a níoḋbarṫa, noċ ofráilfid ar an maċaire a muiġ, eaḋon go dtuḃradís iad don TIĠEARNA, go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, ċum an tsagairt, agus go nofráilfid mar ofráluiḃ síoṫa don TIĠEARNA íad.


Agus a duḃairt Iósa ris, Gráiḋeóċuiḋ tú do Ṫiġearna Día léd ċroiḋe uile, agus léd anam uile, agus léd smuáintiuġaḋ uile.


Más ionṁuin liḃ misi, coiṁéuduiḋ maiṫeanta.


Giḋ bé agá ḃfuilid maiṫeantasa, agus ċoiṁéadas íad, as é sin ġráḋuiġeas misi: agus giḋ be ġráḋuiġeas mise gráiḋéoċaiḋ Maṫair eisean, agus gráiḋéoċuiḋ misi é, agus foillseoċad mé féin dó.


Agus atá a ḟios aguinn go gcoṁoibriġeann gaċ uile ní ċum maiṫeasa do na daóiniḃ ġráduiġeas Día, noċ atá ar na ngairm do reir a órduiġesion.


Aċd dá dtuguiḋ éinneaċ gráḋ do Ḋía, as eólġaċ ḋó é.


¶ Agus a nois, a Israel, cread atá do ṪIĠEARNA Día diarraiḋ ort, aċt eagla do ṪIĠEARNA Día de ḃeiṫ ort, siuḃal iona ṡliġṫiḃ uile, agus a ġráḋuġaḋ, agus serḃís do ḋéanaṁ dot ṪIĠEARNA Día maille red uile ċroiḋe agus led uile anum,


Aiṫeanta an TIĠEARNA do ċoiṁéad, agus na reaċda, noċ aiṫníġimsi ḋíot aniuġ ar son do leasa?


¶ Agus tiucfa a gcríċ, ma éistionn siḃ go dúṫraċdaċ rém aiṫeantuiḃsi noċ aiṫniġim ḋaóiḃ a niuġ, an TIĠEARNA ḃur Ndía do ġráḋuġaḋ, agus seirḃís do ḋéanaṁ ḋó lé ḃur nuile ċroiḋe agus le ḃur nuile anum,


An tan do aiṫin mé ḋíot a niuġ do TIĠEARNA Día do ġráḋuġaḋ, agus siuḃal iona ṡliġṫiḃ, agus a aiṫeanta do ċoiṁlíonaḋ agus a reaċda agus a ḃreiṫeaṁnuis, ċum go mbeiṫfeá béo agus go ḃfoirlíonfa: agus beannoċuiḋ do ṪIĠEARNA Día ṫú an sa dúiṫċe a ḃfuil tú ag dul dá ṡealḃuġaḋ.


Ionnus go ngráiḋeoċuiḋ tú do ṪIĠEARNA Día, agus go nuiṁleoċa tú dá ġuṫ, agus go ndruidfe tú ris: óir is é sin do ḃeaṫa, agus faduġaḋ do láeṫeaḋ: ċor go ccoiṁneoċa tú ansa dúiṫċe noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ, do Abraham, Dísaac, agus do Iácob, do ṫaḃairt dóiḃ.


Agus timċillġearrfuiḋ do ṪIĠEARNA Día do ċróiḋe, agus croiḋe do ṡleaċda, do ġráḋuġaḋ do ṪIĠEARNA Dé red ċroiḋe uile, agus led anum uile, ċor go mairfe tú.


Agus gráḋoċuiḋ tú an TIĠEARNA do Ḋía réd ċroiḋe uile, agus réd anam uile, agus réd ċuṁaċduiḃ uile.


As beannuiġe an tí iomċras caṫuġaḋ: óir tar éis a ḟaġála dearḃṫa, do ġeaḃuiḋ sé coróin na beaṫa, noċ do ġeall an Tíġearna don druing ġráḋuiġeas é.


Eisdiġ, a ḋearḃráiṫre gráḋaċa, A né nár ṫoġ Día boiċd an tsáoġailse, sáiḋḃir a gcreideaṁ, agus na noiġriġiḃ na rioġaċda noċ do ġeall sé don druing ġráḋuiġeas é?


Agus do ḟreagradarsan iad, agus a duḃradar, Atá, féaċuiḋ; atá sé roṁuiḃ: déanuiḋ deiṫfir anois, óir ṫaínig sé a niuġ don ċaṫruiġ; óir atá féasta don ṗobal a niuġ annsa náit áird:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ