Agus do ṡuiġ ríġ Israel agus Iehosaṗat ríġ Iúdah gaċ aon na ċaṫaoir ríoġa, ar ccur a róbaḋa umpa, a nionad ḟolaṁ a ndul a steaċ ġeata Ṡamária; agus na faíḋe uile ag fáiḋedóireaċd da laṫair,
Agus a duḃairt ríġ Israel re Iehosaṗat, Atá fós éanduine aṁáin, Micaiah ṁac Imlah, tre a ḃféudam fíafriuġaḋ don TIĠEARNA: aċt atá fúaṫ agumsa air; óir ní ṫairġirionn maiṫ ḋaṁ, aċ olc. Agus a duḃairt Iehosaṗat, Ná habraḋ an ríġ sin.
Ann sin do ṫóg seision a aġaiḋ súas ċum na fuinneóige, agus a duḃairt, Cía atá dom ṫáoḃsa? cia hé? Agus dféuċadar annsin amaċ air días nó triúr do na cúirtoriḃ.