4 Agus a duḃairt sé re Iehosaṗat, An raċa tusa liomsa a ccaṫ go Rámotġílead? Agus a duḃairt Iehosaṗat re ríġ Israel, Atáimsi mar atá tusa, mo ṁuinntir mar do ṁuinntir, meiċ mar heaċruiḋ.
Mac Ġéber, ann Ramot‐Gílead; ba leis bailte Iair mic Manasseh, noċ até a Ngilead; ba leis mar an gcéadna tír Argob, noċ atá ann Básan, trí fiṫċid caṫair ṁór go mballaḋuiḃ agus mbarraḋuiḃ práis.
Agus dimṫiġ sé agus do ċuir sé fios go Iehosaṗat ríġ Iúdah, ḋa ráḋ, Do ċuáiḋ ríġ Móab a gcogaḋ am aġaiḋ: an raċa tú liom do ċaṫuġaḋ a naġaiḋ Ṁóab? Agus a duḃairt seision, Raċad: ataimse mar atá tusa, mo ḋáoine mar do ḋáoine, agus mo ṁarcṡlúaġ mar do ṁarcṡluáġ.
Agus a dúḃairt Ahab ríġ Israel re Iehosaṗat ríġ Iúdah, An raċa tusa liomsa go Ramot‐gilead? Agus do ḟreagair seision é, Ataímse mar atá tusa, agus mo ḋaoine mar do ḋaoinesi; agus bíamaoid leaċd annsa ccogaḋ.
Agus do ċúaiḋ Iehu ṁac Hanani an féaċadóir amaċ na ċoinne, agus a duḃairt sé ris an ríġ Iehosaṗat, Ar ċóir ḋuitsi congnaṁ ris a nduine neiṁḋiaḋa, agus gráḋ do ṫaḃairt don luċd ḟúaṫuiġios an TIĠEARNA? uimesin atá fearg riot ó laṫair an TIĠEARNA.