3 Agus a duḃairt ríġ Israel ré na ṁuinntir, Naċ ḃfuil a ḟios aguiḃsi gur linne Rámot an Gílead, agus sinn ar ttáṁ marso, gan a búain amaċ as láiṁ ríġ na Síria?
Mac Ġéber, ann Ramot‐Gílead; ba leis bailte Iair mic Manasseh, noċ até a Ngilead; ba leis mar an gcéadna tír Argob, noċ atá ann Básan, trí fiṫċid caṫair ṁór go mballaḋuiḃ agus mbarraḋuiḃ práis.
Marsin do ċuáiḋ Iehu ṁac Iehosaṗat ṁic Nimsi a naġaiḋ Ióram. (Anois do ċoiṁéad Ióram Ramot‐gilead, é féin agus Israel uile, ar eagla Hasael ríġ na Síria.
Agus ar an ttaóiḃ oile do Iordan láiṁ ré Ieriċo táoḃ ṡoir, do orduiġeadar Béser an sa ḃfásaċ ar an réiteaċ amaċ as treiḃ Reuben, agus Ramot ann Ngílead as treiḃ Ġad, agus Golon a Mbasan as treiḃ Ṁanasseh.
Do hinnseaḋ do na Gasitiḃ, ga ráḋ, Ṫáinic Samson annso. Agus tangadar na ṫimċioll, agus do ċuireadar luiġeaċan roiṁe air feaḋ na hoiḋċe a ngeata na caiṫreaċ, agus do ḃádar suaiṁneaċ air feaḋ na hoiḋċe, ġa ráḋ, Bíam ar ttoċd go solus na maidne, annsin muirfeam é.
Agus a duḃradarsan, Eirgiḋe, go ndeaċmaóis súas na naġaiḋ: óir do ċonncamar a ndúiṫċe, agus, féuċ, is ro ṁaiṫ í: agus an ḃfuiltíse ḃur ttaṁ? ná bíoḋ leisg oruiḃ imṫeaċd, agus dui a steaċ do ṡealḃuġaḋ na dúiṫċe.