Ná ḋiáiġ sin beirid siad Iósa léo ó Ċaiṗás go tiġ na cúirte: agus do ḃí ṁaidin ann; agus ní ḋeaċadar géin do ċúirt a sdeaċ, ionnus naċ dtruáillfiḋe íad; aċd go níosfaidís úan na cásg.
Aċd is anáoiḃinn dáoiḃsi, a sgriobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃuiḋ! do ḃríġ go ndruigṫí rioġaċd neiṁe rés na ndáoiniḃ: oír ní ṫéiġṫí féin a sdeaċ, agus ní ḟuilngṫí don luċ a tá ag dul a sdeaċ dul ann.
Agus agá gcur go Beitleem ḋó, a duḃairt sé, Imṫige agus iárruiġ an náoiḋe go díṫċiollaċ; agus tar eís a ḟaġala ḋáoiḃ, innisiġ ḋamsa é, do ċum go raċainnsi féin agus go dtioḃruinn onóir ḋó.
Féuċ, troisgṫí ar son imreasan agus ceannairge, agus do ḃúalaḋ le dórn go hurċóideaċ: ni ṫroisgṫí mar do niṫi annsa lósa, do ḋéanaṁ ḃur ngoṫa ċluinsion go hárd.
Ann sin do scríoḃ sí litreaċa a nainm Ahab, agus do ċuir séula orra le na ṡéula, agus do ċuir sí na litreaċa ċum na sinnsior agus ċum na núasal do ḃí iona ċaṫruiġ, na ccoṁnuiḋe a ḃfoċair Nábot.
Agus cuiriḋ días do ḋaóiniḃ, clann Ḃélial, na suiḋe as a ċoinne do ḋeanaṁ fiaḋnuise na aġaiḋ, ḋá ráḋ, Do scannluiḋ tú Día agus an ríġ. Agus annsin beiriḋ amaċ é, agus cloċuiḋ é, go néuguiḋ sé.