Tuilleaṁ oile ní ḃeanfa an prionnsa cuid doiġreaċt na ndaóine ḋioḃ re héigion, da ndibirt amaċ as a seilḃ; aċt do ḃéara sé oiġreaċt dá mbacaiḃ as a ṡeilḃ féin: ionnus naċ dioṫsgaoiltear mo ṗobal gaċ áoaduine as a ṡeilḃ féin.
A né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ gur boill do Ċríosd ḃur gcuirp? uime sin an dtoigeuḃaiḋ misi boill Ċríosd, ċum ball sdríopaiḋe do ḋéunaṁ ḋíoḃ? nár léige Día sin.
Uime sin an ḃfuil a ní maiṫ ar na ḋéunaṁ na ḃás ḋáṁsa? nar léigiḋ Día sin. Aċd an peacaḋ, ionnus go ṁíaḋ sé follus na ṗeacaḋ, doibriġ sé bás ionnum trés a ní maiṫ; do ċum go mbíaḋ an peacaḋ na ṗeacaḋ áiḋḃéileaċ trés a náiṫne.
Ar a naḋḃarsin créud a déuram? A né gur peacaḋ an reaċd? nar léige Día sin. Giḋeaḋ, ní raiḃ fios peacaiġ agum aċd trés an reaċd: oír ní ḃíaḋ éolus air mbíangus agum, muna nabraḋ an reaċd, Na bioḋ míanġus ort.
Nár léige Día sin: aċd, bíoḋ Día fírinneaċ, agus gaċ uile ḋuine bréugaċ; mar atá sgríoḃṫa, Ar ċor go sáorfuiḋe ṫú ad ḃríaṫruiḃ, agus go mbearṫa buáiḋ an tan ḃeireas tú breiṫ.
Agus a duḃairt sé, Nár léigiḋ mo Ḋía ḋaṁsa, go ndéanuinn an ní so: a nólfa misi fuil na muinntiresi do ċuir a nanam a ccuntaḃairt? óir le guáis a mbais ṫugadar leó é. Uimesin níor ḃáill leis a ól. Do rinneadar an triúr so fa neartṁuire na neiṫesi.
Agus a duḃairt sé re na ḋaóiniḃ, Nár léige Día go ndéanainnsi an níse rém ṁaiġistir, ungṫaċ an TIĠEARNA, mo láṁ do ṡíneaḋ amaċ na aġaiḋ, o sé ungṫaċ an TIĠEARNA é.
Os a ċionn sin ar mo ṡonsa, nár léigiḋ Día go ndéanuinn peacaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA an sgur do ġuiḋe ar ḃur son: aċd múinfiḋ mé ḋíḃ an tsliġe ṁaiṫ ḋíreaċ:
Nár léigiḋ Día go raċamaois a ttréatuireaċd a naġaíḋ an TIĠEARNA, agus go ḃfillfeamaois a niuġ ó leanṁuin an TIĠEARNA do ḋéanaṁ altóra dofráluiḃ loisge, dofráluiḃ bíḋ, nó dioḋbarṫaiḃ, táoḃ amuiġ daltoir ar TIĠEARNA Dé noċ atá a ḃfiaḋnuise a ṫabernacuil.
Agus a duḃairt seision, Nár léige Día go ndeanuinnsi sin: aċd an té ag ar fríṫ an cupán na láiṁ biaiḋ sé na ṡeirḃíseaċ agam; agus ar ḃur sonsa, éirgiḋ roṁuiḃ súas go síoṫċanta a cceann ḃur naṫar.