Agus a duḃairt seision, Ni raċa mo ṁacsa liḃ síos; óir déug a ḋearḃraṫair, agus do fágḃaḋ eision na áonar; mé ḃeanann tubuisde ḋó sa tsliġe ann a raċṫaóisi, ann sín béurṫaoi mo ġrúaglíaṫsa maille re dóbrón ċum na huáiġe.
Agus go deiṁin ḃur ḃfuil ḃur nanma loirgfe misi; asláiṁ a nuile ḃeaṫuiġ loirgfe mé í, agus as láiṁ an duine; as láiṁ ḋearḃraṫar gaċ duine íarfas mé anam an duine.
Agus atáimsi a niuġ lag, gé táim am ríġ ungṫa; agus atáid an ṁuínntirsi mic Ṡeruiah roċruáiḋ ḋaṁ: do ḃéara an TIĠEARNA a luáiġeaċd dfior a nuilc do ḋéanaṁ, do réir a ċionta.
Aċt foillsiġ muinntearḋus do ṁacaiḃ Barsiliai an Gileaditeaċ, agus bídis don droing iósas ar do ḃórd: óir is marsin ṫangadar ċugamsa a nuáir do ṫeiṫ mé roiṁe Absolon do ḋearḃraṫair.
Anois ar a naḋḃarsin ná meassa neiṁċiontaċ é: óir is duine críonna ṫú, agus atá a ḟios agad cred is cóir ḋuit do ḋéanaṁ ris; aċd taḃair a ċeann líaṫ síos ċum na huáiġe ré fuil.
Féaċ, do rinne mé do réir ṫfocail: féaċ, ṫug mé ḋuit croiḋe glic tuigseaċ; iondus naċ raiḃ éanduine cosṁuil riot roṁad, ni mó éireoċus éanduine ad ḋiáiġ buḋ cosṁuil riot.
Féuċ, ar a naḋḃarsin, cruinneoċadsa ṫú a ḃfoċair haiṫreaḋ, agus cruinneoċar ċum húaiġe ṫú go síoṫċanta; agus ní ḟaicfid do ṡúile an lán uilc do ḃéaras mé ar a náitsi. Agus ṫugadar scéula a rís ċum an ríġ.
Ní ḃía annsin feasda naóiḋe laéṫeaḋ, nó duine foirfe naċ ar ċoiṁlíon a laéṫe: óir éugfuiḋ an leanaḃ a ccionn a ċéud blíaḋan; aċt biáiḋ an peacaċ ḃíos a ccionn a ċéad blíaḋan malluiġṫe.
Mar sin ní ṫruállfíḋe an dúṫaiġ ann a ḃfuiltí: óir truailliḋ a nfuil an dúṫaiḋ: agus ní héidír an fearann do ġlanaḋ ón nfuil ḋóirtear ann, aċd lé fuil an té do ḋóirt í.