Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Rioġ 2:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Tuilieaṁ oile fós, atá a ḟios agad créd do rinne Ióab mac Seruiah orumsa, agus cred do rinne sé re dá ċaiptín ṡlóiġ Israel, re Abner mac Ner, agus re Amasa ṁac Ieter, noċ do ṁarḃ sé, agus gur ḋóirt fuil a ċogaiḋ sa tsioṫċáin, agus gur ċuir sé fuil an ċoguiḋ ar a ċrios do ḃí timċioll a ċaoil, agus ar a ḃrógaiḃ do ḃí ar a ċosaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Rioġ 2:5
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus do rinne Absolon caiptin do Amasa ar a ṡlúaġ a naít Ióab: agus ba he Amasa mac duine dar ḃainm Iṫra Israelíteaċ, noċ do luiḋ lé Abigail inġean Nahas deirḃṡiúr do Ṡeruiah, maṫair Ióab.


Agus a duḃairt an tóglaċ re Ióab, Dá ḃfaġuinsi míle secel airgid ann mo láiṁ, ní ṡínfinn mo láṁ amaċ a naġaiḋ ṁic an ríġ: óir dfúagair an ríġ dar laṫair ḋuitsi agus do Abisai agus do Ittai, ġa ráḋ, Tugaiḋ ḃur naire naċ beanfaḋ áonduine ris a nógánaċ Absolon.


Ann sin a duḃairt Ióab, Ní ḟéuduimsi fuireaċ marso agad. Agus rug sé ar ṫrí gaéṫe iona láiṁ, agus do ṡaiṫ sé tré ċroiḋe Absolon íad, an fad do ḃí sé fós béo a lár na daruiġ.


Agus do aiṫin an ríġ do Ióab, agus do Abisai agus do Ittai, ḋa ráḋ, Déanuiḋ go macánta air mo ṡonsa ris a nóganaċ, ré Habsolon. Agus do ċúaluiḋ an slúaġ uile á núair ṫug an ríġ an nfúagrasin do na caiptíniḃ uile a ttáoḃ Absoloin.


Agus do ċúaiḋ Ióab ṁac Seruiah, agus searḃḟoġantuiġiḋ Ḋáiḃi amaċ, agus tárla ḋá ċeile íad ag loċan Ġibeon: agus do ṡuiġeadar síos, drong aca a ttáoḃ don loċán, agus drong don taóiḃ oile don loċán.


¶ Agus do ḃádar trí mic Ṡeruiah annsin, Ióab, agus Abisai, agus Asahel: agus do ḃí Asahel coṁlúaṫ ḋá ċois lé eilít an ṁacaire.


Aċt ní ṫug Amasa aire don ċloiḋeaṁ do ḃí a láiṁ Ióab: mar sin do ḃuáil sé é don ċloiḋeaṁ an sa ccuigeáḋ ásna, agus do leíg sé a inniġe amaċ fán ttalaṁ, agus níor ḃuail sé a rís é; agus fúair sé bás. Marsin do lean Ioab agus Abisai a ḋearḃraṫair a a ndiáiġ Ṡéba ṁic Biċri.


Agus a núair dfill Abner go Hébron, rug Ióab leis do leaṫtaoiḃ é annsa ġeata do laḃairt go síoṫċánta ris, agus do ḃuáil sé ann sin é fáoi an gcúigeaḋ easna, go ḃfúair sé bás, ar son fola a ḋearḃráṫar Asahel.


Agus atáimsi a niuġ lag, gé táim am ríġ ungṫa; agus atáid an ṁuínntirsi mic Ṡeruiah roċruáiḋ ḋaṁ: do ḃéara an TIĠEARNA a luáiġeaċd dfior a nuilc do ḋéanaṁ, do réir a ċionta.


Agus do ċoṁairliġ sé le Ióab mac Seruiah, agus re Abiatar an sagart: agus ag leanṁuin Adoniiah ḋóiḃ do ċungnádar leis.


Agus fillfiḋ an TIĠEARNA a ḟuil ar a ċeann féin, nóċ do ṫiomáin ar ḋís do ḋáoiniḃ buḋ fíréanta agus do bfearr ná é féin, agus do ṁarḃ sé íad leis an ccloiḋeaṁ, gan a ḟios ag maṫair Dáiḃi, Abner ṁac Ner, caiptín slóiġ Israel, agus Amasa ṁac Ieter, caiptín slóiġ Iúdah.


Mar an ccéadna do fríṫ ann do sciortuiḃ fuil na nanmann mboċd neiṁċiontaċ: ní lé toċailt fúair mé é, aċt orra so uile.


An raiḃ náire orra a nuáir do rinneadar gráineaṁlaċd? ní heaḋ, ní raḃadar náireaċ ar áonċor, ní mó dféadadar lasaḋ: uimesin tuitfid síad idir an droing ṫuitfios: a nuáir ṫiucfas misi ar cuáirt ċuca teilgfiġear síos íad, a deir an TIĠEARNA.


Agus a sí culuíġ do ḃí uime Eóin éadaċ do rúaiḋneaċ ċáṁall, agus crios leaṫair a ttimċeall a leasruiġ: agus a sé do buḋ bíaḋ ḋó lócuiste agus mil ḟiáin.


Go ma malluiġ an té ḃuáilios a ċoṁarsa a ḃfeil. Agus déara an pobal uile, Amén.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ