Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Rioġ 2:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus coiṁéad cúram do ṪIĠEARNA Dé, ag siuḃal iona ṡliġṫiḃ, ag coiṁéad a statúideaḋ, agus a aiṫeanta, agus a ḃreiṫeaṁnasa, agus a ḟiaġnuiseaḋ, mar atá scrioḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaóise, ċor go mbeiriġ tú buáiḋ ann sa nuile ní dá déana tú, agus ann gaċ uile ṫáoḃ a niompoċuíḋ tú ṫú féin:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Rioġ 2:3
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus do ċuir sé gairiosún ann Edom; ar feaḋ Edom uile do ċuir sé gairiosun, agus do ḃádar muinntir Edom na serḃíseaċaiḃ ag Daiḃi. Agus do coiṁéad an TIĠEARNA Dáiḃi ann gaċ uile ḃall a ngaḃaḋ.


Annsin do ċuir Dáiḃi gairiosún a Síria Ḋamascus: agus do ḃádar na Sírianuiġ na serḃíseaċaiḃ ag Dáiḃi, agus tugadar tioḋlaicṫe léo. Agus do ċoiṁéad an TIĠEARNA Dáiḃi ann gaċ uile ḃall ad téiġeaḋ.


Agus do ġráḋuiġ Solaṁ an TIĠEARNA, ag imṫeaċd a statúidiḃ Ḋaiḃi a aṫar: aṁaín do níoḋ sé íoḋbairt agus do loisceaḋ túis ar na hárduiḃ.


Agus do ḃí an TIĠEARNA maille ris, agus do ċuáiḋ sé ar a aġaiḋ gaċ uile ḃall a ttíaġ amaċ: agus do ċaṫuiġ se a naġaiḋ ríġ na hassíria, agus níor ḟoġuin sé dó.


Agus taḃair dom ṁac Solaṁ croiḋe iomlán, do ċoiṁéad haiṫeantaḋ, ṫfiaġnuiseaḋ, agus do reaċda, agus do ḋéanaṁ na neiṫionnso uile, agus do ċur an ṗáláis súas, a ccoinne a ndéarna misi solaṫar.


Do ġlac mé mar oiġreaċt ṫfíaḋnuisese go bráṫ: óir is sólás dom ċroiḋe íad.


Daiṫin tú ṫfíaġnuiseaḋ atáid fíréanta agus ro ḟírinneaċ.


Beannaiġ an luċt ċoiṁéadas a ḟiaḋnuiseaḋa, íarras é lé croiḋe iomlán.


Atá dliġeaḋ an TIĠEARNA iomlán, ag iompóġ a nanma: is fírinneaċ fiaġnuise an TIĠEARNA, ag déanaṁ an tsimpliġ críonna.


¶ Cluinmíd críoċ na cúise uile: Eagluiġ Día, agus coiṁéad a aiṫeanta: óir sé so iomlán an duine.


Uime sin anfuiḋe ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ do ló agus doiḋċe seaċd lá, agus coiṁéadfuiḋe cúram an TIĠEARNA, naċ ḃfaġṫáoi bás: óir is mar sin do haiṫniġeaḋ ḋióm.


¶ Cuiṁniġiḋsi dliġeaḋ Ṁaóise mo ṡeirḃíseaċ, noċ do áiṫin mé ḋó ann Hóreb arson Israel uile, maille re reaċtaiḃ agus maille re breaṫaiḃ.


Agus do ġaḃamar a ttír, agus ṫugamar í mar oiġreaċd do na Réubinitiḃ, agus do na Gadítiḃ, agus do leaṫ ṫreiḃe Ṁanasseh.


Coiṁéaduiġ ar a naḋḃarsin bríaṫra an ċunnarṫaso, agus déanuiḋ íad, ċor go raċdaoi ar ḃur naġuiḋ an sa nuile ní do ḋéantaói.


Annois ar a naḋḃarsin éistiġ, ó a Israel, ris ná reaċduiḃ agus ris na breiṫeaṁnusuiḃ, noċ do ṁúin mé ḋáoiḃ, ċum a ndeanta, ċor go mainfiḋe, agus go raċṫáoi a sdeaċ agus go sealḃuiġṫáoi an dúṫaiġ do ḃeir an TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ ḋáoiḃ.


Siadso na fiaḋnuiseaḋ, agus na reaċda, agus na breiṫeaṁnuis, noċ do laḃair Maóise ré cloinn Israel tar éis teaċd amaċ as an Négipt,


Féuċaiḋ, do ṁúin mé ḋáoiḃ reaċda agus breiṫeaṁnuis, do réir mar do aíṫin an TIĠEARNA mo Ḋía ḋíom, ionnus go ndéuntáoisi sin annsa tír a ḃfuiltí ag dul dá sealḃuġaḋ.


Agus cía an cineaḋ coṁmór sin, agá ḃfuilid reaċda agus breiṫeaṁnuis coiṁċeart ris an dliġeaḋso uile, noċ órduiġimsi ḋáoiḃ a niuġ?


Agus do ġoir Maóise Israel uile, agus a duḃairt riú, Eist, ó a Israel, ris na statúide agus na breiṫeaṁnuis noċ laḃruimsi ann ḃur ccluasuiḃ a niuġ, go ḃfoġlumṫáoi íad, agus go ccoiṁéadfáoi, agus go ndeantáoi íad.


Aċ tugaiḋ aire ġéar do ċoiṁlíonaḋ na naiṫneaḋ agus an dliġe, noċ do ċuir Maóise óglaċ an TIĠEARNA do ċúram oruiḃ, gráḋ do ṫaḃairt dá ḃur TTIĠEARNA Día, agus siúḃal iona ṡliġṫiḃ uile, agus a aiṫeanta do ċoiṁlíonaḋ, agus táoḃaiḋ ris, agus foġnaṁ ḋó le ḃur nuile ċroiḋe agus lé ḃur nuile anam.


Bíṫise ar a naḋḃarsin ro ċúrata do ċoiṁéad agus do ḋéanaṁ a nuile ní atá scríoḃṫa a leaḃar ḋliġe Ṁaoise, go naċ ḃfillfiḋe a leaṫṫaoiḃ uaḋ sin don láiṁ ḋeis no don láiṁ ċlé.


Agus do iomċair Dáiḃi e féin go glic iona ṡliġṫiḃ uile; agus do ḃí an TIĠEARNA maille ris.


Ann sin do ċúadar prionnsuiḋe na Ḃṗilistineaċ amaċ: agus tárla, a nuáir do ċúadar na Ṗilistiniġ amaċ, gur íomċair Dáiḃi é féin ní buḋ feárr ná searḃḟoġantuiġe Ṡauil uile; ionnus go raiḃ a ainm ro oirḋeirc.


¶ Agus do ṫíaġ Dáiḃi amaċ giḋ bé ball a gcuireaḋ Saul é, agus do iomċair é féin go glic: agus do ċuir Saul ós cionn a luċd cogaiḋ e, agus do ḃí sé taitneaṁaċ a raḋarc gaċ uile ḋuine, agus mar an gcéadna a raḋarc ṡerḃíseaċ Ṡauil.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ