Agus a duḃairt seision, Atá a ḟios agad go maḋ liomsa an rioġaċd, agus gur iompóiġ Israel uile a naġaiḋ orum, dom ḃeiṫ am ríġ: giḋeaḋ diompóiġ an rioġaċd fa gcuairt, agus ṫáinic ċum mo ḋearḃraṫar: óir fa leision ón TTIĠEARNA í.
Ann sin a duḃairt sí, Ataím ag iárruiḋ éan aṫċuinge bige aṁaín ort; guiḋim ṫú, ná diúlt mé. Agus a duḃairt an ríġ ría, Iarr roṁad, a ṁaṫair: óir ní ḋiúltfa mé ṫú.