Ar a naḋḃarsin anois go maḋ toil leaċd tiġ do ṡearḃḟoġantuiġ do ḃeannuġaḋ, ċor go mairfiḋ go bráṫ ad laṫair: óir, do laḃair tusa é, a ṪIĠEARNA Día: agus red ḃeannuġaḋ bíoḋ tiġ do ṡearḃḟoġantuiġ beannuiġ go bráṫ.
Eiriġ agus imṫiġ a steaċ go Dáiḃi ríġ, agus abaír ris, Naċ dtug tusa, do ṁionna, mo ṫiġearna, ó a ríġ, dot ḃanoglaiċ, ḋa ráḋ, Go deiṁin biáiḋ do ṁac Solaṁ na ríġ am ḋiáiġsi, agus suiġfiḋ sé am ċaṫaoir ríoġa? maiseaḋ cred fá ḃfuil Adoniiah na ríġ?
Aṁuil agus ṫug mé mo ṁionna ḋuitse fa an ṪIĠEARNA Día Israel, ġa ráḋ, Go deiṁin biáiḋ Solaṁ do ṁac na ríġ am ḋiaiġsi, agus suiġfiḋ sé am ċaṫaóir ríoġa ám áit; mar sin do ḋéana mé a niuġ go dearḃṫa.
Ann sin tiucfuiḋesi a níos na ḋiáiġ, ċor go ttiucfa se, agus go suiġfiḋ ann mo ċaṫaóir ríoġasa; óir biáiḋ sé na ríġ am áit: agus do órduiġ misi é ḃeiṫ na ríaġluiġṫeóir ós cionn Israel agus ós cionn Iúdah.
Ann sin do aiṫin an ríġ do Ḃenaiah ṁac Iehoiada; noċ do ċuáiḋ amaċ, agus do ṫiomáin air, go ḃfuair sé bás. Agus do daingniuġaḋ an rioġaċd a laíṁ Ṡolaiṁ.