Agus a duḃairt sé, Ná beanaḋ do láṁ ris an leanaṁ, agus ná déun éinní ris: óir aiṫniġim a nóis go ḃfuil eagla Dé órt, ó nár ċonnuiṁ tú do ṁac, háonṁac aṁáin uáim.
Agus do ġlac an searḃfoġantuiġ deiċ ccáṁuill do ccáṁuilliḃ a ṁaiġistir, agus do imṫiġ; óir do ḃí máoin a ṁaiġisdir uile fá na laṁuiḃ: agus do éiriġ sé, agus do ċuáiḋ go Mesopotámia go caṫair Nahor.
Ní ḃfuil duine is mó ná mé iona ṫiġ; agus níor ċonnuiṁ sé éinní uaim, aċ ṫusa, do ċionn gur tú a ḃean: cionnus ḟéaduimse mar sin an tolc mór sa, agus an peacaḋ do ḋéanaṁ a naġuiḋ Dé?
Agus do ċoṁċoguir a ṡerḃíseaċ féin Simri, (caiptín leiṫe a ċarbad) na aġaiḋ, an feaḋ do ḃí ag ól a Ttirsah, nó gur ċuir é fein ar meisge a ttiġ Asa stioḃard a ṫiġe a Ttirsah.
Agus tiucfaiḋ a ccríċ, ar ball a nimṫeoċuiḋ misi uáitse, go mbéaruiḋ Spiorad an TIĠEARNA ṫusa leis, ní ḟeadar cá hionad; agus annsin a núair ṫiocfas misi agus inneosas mé do Ahab, agus naċ ḃfuiġe sé ṫusa, go muirfiḋ sé mé; aċd misi do ṡearḃḟoġantuiġ atá eagla an TIĠEARNA orum óm óige.
Anois do éiġ bean áiriġ do ṁnáiḃ ṁac na ḃfáġ ċum Elisa, ġa ráḋ, Fuáir do ṡearḃḟoġantuiġ mfear bás; agus atá a ḟios agad go raiḃ eagla an TIĠEARNA air do ṡeirḃíseaċ: agus ṫáinic fear na ḃfíaċ do ḃreiṫ mo ḋeise mac leis dá mbeiṫ fá ḋaóirse aige.
Aċt na húaċdarain do ḃí roṁam do ḃádar costasaċ don ṗobal, agus do ġlacadar arán agus fíon úaṫa, táoḃ a muiġ do ċeaṫraċad secel airgid; do ḃí fós, agá ṡerḃíseaċaiḃ ríaġuil ós cionn an ṗobail: aċt ní ḋéarnuiḋ misi marsin, ar eagla Dé.
Go ttug mé dom ḋearḃraṫair Hanáni, agus do Hananiah uaċdarain an ṗaláis, cúram ós cionn Ierusalem: (óir do ḃí sé na ḋuine ḟírinneaċ, agus eagla Dé ar ós cionn ṁóráin.)
¶ Annsin do laḃair an drong do imeagluiḋ an TIĠEARNA gaċ áon dioḃ ré ċéile go minic: agus déisd an TIĠEARNA, agus do ċúaluiḋ, agus do ḃí leaḃar cuiṁne scríoḃṫa iona ḟíaġnuise don ṁuinntir do imeagluiġ an TIĠEARNA, agus do smúain air a ainm.
Agus na bíoḋ oruiḃ eagla na muinntíre ṁarḃas an corp, agus leis naċ éidir an tanam do ṁarḃaḋ: aċd go maḋ mó ḃías eagla an tí ud oraiḃ le nab éidir an tanam do ṁarḃaḋ: aċd go maḋ mó ḃías eagla an tí ud oraiḃ le nab éidir an corp agus an tanam do ṁilleaḋ a nifrionn.