Agus tárla déis ṁóráin do láeṫiḃ, go ttáinic bríaṫar an TIĠEARNA go Helias an treas blíaḋain, ġa ráḋ, Imṫiġ, taisbéin ṫu féin do Ahab; agus cuirfe misi fearṫuinn ar an ttaluṁ.
Anois ar a naḋḃarsin is marso a deir an TIĠEARNA, Ní ṫiucfa tú a nuás as an leabuiḋ sin ar a ndeaċuiḋ tú súas, aċd do ġeaḃa tú bás go deiṁin. Agus dimṫiġ Elias.
Agus do ḃí gorta ṁór a Samária: agus, féuċ, do ḃádar na bun, nó go reacṫáoi ceann asuil ar ċeiṫre fiṫċíd píosa airgid, agus an ceaṫraṁaḋ cuid do sbrogaille coluim gun a ṡalċar ar ċúig ṗíosa airgid.
Ad haġaiḋsi, féin aṁáin, do ṗeacaiḋ mé, agus ad raḋarcsa do rinneas an tolc: ċum go ḃfíoruiġṫear ṫusa ann hurlaḃra, agus go raḃair fíorġlan ann do ḃreiṫeaṁnus.
¶ Is misi, misi féin, an té ċoḃruiġeas siḃsi: cía ṫusa, as a mbíaṫ eagla ort roiṁe ḋuine raċus déug, agus roiṁe ṁac an duine noċ do ḋéantar mar an ḃféur;
Má ṫéiġim amaċ san maċaire, féuċ annsin na mairḃ leis an ccloiḋeaṁ! agus má ṫéiġim a steaċ san ccaṫruiġ, annsin féuċ an luċt atá tinn lé gorta! a seaḋ, imṫiġ an fáiġ aráon agus an sagart timċioll fá ccuáirt go fearuinn naċ aiṫnid ḋóiḃ.
Agus a nuáir ḃrisfeas mé bata ḃur naráin, bruiṫfiḋ deiṫneaṁar ban ḃur narán a néanḃácus aṁáin, agus do ḃéaruid ḃur narán díḃsi ar na ṫoṁas: agus íostáoi agus ní ḃeiṫí sáṫaċ.