Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Rioġ 17:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Imṫiġ roṁad as so, agus éiriġ don leaṫ ṡoir, agus foluiġ ṫú féin ag an naḃuinn Ċerit, atá as coinne Iordan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Rioġ 17:3
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċuige, ġa ráḋ,


Agus Iseaḋ ḃías, go nioḃa tú as an naḃuinn; agus do aiṫin misi do na fíaċaiḃ do ḃeaṫuġaḋ annsin.


Agus a duḃairt Micaiah, Féuċ, do ċífe tú sin annsa ló, a raċa tú a seomra a ḃfad a steaċ dot ḟolaċ féin.


Foileoċuiḋ tú íad a nuáignios ad ḟiaġnuise ó úaḃar an duine: foileoċuiḋ tú íad ann do ṫabernacuil ó imreasan na tteangṫa.


A naġaiḋ do ḋaóinesi do ġaḃadar coṁairle uáigneaċ go meaḃlaċ, agus do ċúadar a ccoṁairle a naġaiḋ háoin ḃfoluiġeaċ.


Annsin a dúḃradar na prionnsaḋa ré Baruċ, Imṫiġ, foluiġ ṫú féin, ṫusa agus Ieremiah; agus ná bíoḋ a ḟios aig áoinneaċ cáit a mbeiṫí.


Aċt daiṫin an ríġ do Ierahmeel ṁac Hammeleċ, agus Seraiah ṁac Asriel, agus Selemiah ṁac Abdiel, Báruċ an scríoḃuiḋe do ġaḃáil agus an fáiġ Ieremiah: aċt dfoluiġ an TIĠEARNA íad.


Uime sin do ṫógḃadar cloċa do ċum go gcaiṫfidis ris íad: aċd do ḟoluiġ Iósa é féin, agus do ċuáiḋ sé amaċ as an teampall, ag dul tré na lár agus do ċuáiḋ sé ṫárrsa mar sin.


Aċd do ċuireadar na bríaṫre Pól úaṫa ar an mball aṁail as go raċaḋ sé ar fairrge: aċd dfan Sílas agus Timotéus ann sin na gcoṁnuiḋe.


Dream nár ḃfiu an sáoġal: ag dul amúġa a ḃfásuiġiḃ, agus a sléiḃṫiḃ, agus a dtuiniġṫiḃ agus a núaṁuiḃ talṁan.


Agus tugaḋ don ṁnaói ḋá sgiaṫán iolair ṁóir, ċum dul dí ar eitealluiġ fán ḃfásaċ, dá hionad féin, sa náit a noiltear í feaḋ aimsire, agus aimsioraċ, agus leiṫ aimsire, ó aṁarc a naiṫir niṁe.


Agus do ṫeiṫ an ḃeann ċum an ḟásuiġ, mar ar ullṁuiġ Día áit ḋi, ċum a beaṫuiġe ann sin ar feaḋ ṁíle ḋá ċéud agus ṫrí fiċid lá.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ