Do ċionn gur ṫréigiodar mé, agus gur áḋradar Astarot baindía na Sidónianaċ, Ċémos diá na Moabíteaċ, agus Milcom día ċloinne Ammon, agus nar ṡiuḃluiġeadar ann mo ṡliġṫiḃsi, do ḋéanaṁ an neiṫe is ceart ann mo raḋarc, agus mo reaċda do ċoiṁéud agus mo ḃreṫeaṁnuis, mar do rinne Dáiḃi a aṫair.
Oír tárla a nuáir do ḃí Soluṁ áosta, gur iompóiġeadar a ṁná a ċroiḋe a ndíaiġ dée oile: agus ní raiḃ a ċroiḋe iomlán le na ṪIĠEARNA Día féin, mar do ḃí croiḋe Ḋáiḃi a aṫar.
Guiḋim ṫú, O a ṪIĠEARNA, cuiṁniġ a nois mar do ṡiuḃail mé ad laṫair a ḃfírinne agus maille re croiḋe iomlán, agus go ndéarna mé an ní buḋ ṁaiṫ ad raḋarc. Agus do ġuil Heseciah go géur.
Ionnus naċ ttóigfiḋ a ċroiḋe súas ós cionn a ḋearḃráiṫreaċ, agus naċ ḃfillfea sé a leaṫṫaoiḃ ón naiṫne, ar a láiṁ ḋeis, nó ar a láiṁ ċlé: ar ċor go bfaideoċa sé a láeṫe iona rioġaċd, é féin, agus a ċlann, a lár Israel.
Guiḋim ṫú, maíṫ cionta do ḃanóglaiċ: óir do ḋéana an TIĠEARNA go deiṁin tiġ daingean dom ṫiġearna; dó ċionn go ttróidionn mo ṫiġearna caṫa an TIĠEARNA, agus naċ fríṫ olc ionnad ar feaḋ do ṡáoġail.