Agus ṫug sé coṁarṫa úaḋ án lá sin féin, ḋá ráḋ, Sé so an coṁarṫa do laḃair an TIĠEARNA; Féuċ, stíallfuiġṫear an naltóir, agus an luáiṫreaḋ atá uirre dóirtfiġṫear amaċ í.
¶ Agus tárla, a nuáir do ċúala an riġ Ieroboam glór óglaiċ Dé, noċ do ġair a naġaiḋ na haltóra a Mbétel, gur ċuir sé a láṁ amaċ ó naltóir, ḋa ráḋ, Beiriġ air. Agus an láṁ, do ċuir sé amaċ na aġaiḋ, do ṫiormuiġ sí súas, iondus nar ḟéud sé a taḃairt ċuige ar a hais a rís.
Agus do ḟreagair an ríġ, agus a duḃairt ré hoglaċ Dé, Cuir impiḋe anois ar aġaiḋ do ṪIĠEARNA Dé, agus guiḋ ar mo ṡonsa go naisiocṫar mo láṁ ḋaṁ a rís. Agus do ġuiḋ óglaċ Dé an TIĠEARNA, agus do haisígeaḋ a láṁ a rís don ríġ, agus do ḃí sí mar dó ḃí rioṁe.
Agus do ṁéuduiġ an caṫ an lá sin: agus do congṁaḋ an ríġ súas iona ċarbad a naġaiḋ na Sírianaċ, agus fúair sé bás tráṫnóna: agus do riṫ a nfuil as an ccneiḋ amaċ go lár an ċarbuid.
Agus ar ndul a maċ ḋóiḃsean do rinneadar seanmóir ann gaċ uile áit, ar mbeiṫ don Tiġearna ag coṁoibriuġaḋ ríu, agus ag taḃairt bríġ dá mbríaṫruiḃ leis na coṁaṫaiḋiḃ do lean íad. Amén.
A nuaír laiḃeorus fáiġ a náinm an TIĠEARNA, muna ttí an ní sin a gcriċ, nó naċ biáiḋ mar sin, sé sin un ní nár laḃair an TIĠEARNA, aċ do laḃair an fáiġ go handóṫċusaċ: ní ḃiaiḋ eagla ort roiṁe.