3 Agus ṫug sé coṁarṫa úaḋ án lá sin féin, ḋá ráḋ, Sé so an coṁarṫa do laḃair an TIĠEARNA; Féuċ, stíallfuiġṫear an naltóir, agus an luáiṫreaḋ atá uirre dóirtfiġṫear amaċ í.
¶ Agus tárla, a nuáir do ċúala an riġ Ieroboam glór óglaiċ Dé, noċ do ġair a naġaiḋ na haltóra a Mbétel, gur ċuir sé a láṁ amaċ ó naltóir, ḋa ráḋ, Beiriġ air. Agus an láṁ, do ċuir sé amaċ na aġaiḋ, do ṫiormuiġ sí súas, iondus nar ḟéud sé a taḃairt ċuige ar a hais a rís.
Agus do ḟreagair Maóisi agus a duḃairt, Aċ féuċ, ní ċreidfid síad mé, agus ní éisdfid rem ġuṫ; óir a déaruid síad, níor ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin duit.
Agus do ċuáiḋ Maóisi agus Aaron a steaċ go Ṗárao, agus do rinneadar mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋíoḃ: agus do ṫeilg Aáron a ṡlat sios a laṫair Ṗárao, agus a laṫair a ṁuinntire, agus do rinneaḋ naṫair niṁe ḋi.
¶ Agus biáiḋ so mar ċoṁarṫa agaiḃ, a deir an TIĠEARNA, go smaiċteoċa misi siḃ annsa náitsi, ċor go naiṫeontaói go seasfuiḋ mfocailsi go deiṁin ann ḃur naġaíḋ ar olc: