¶ Agus an tan do ċuálaiḋ an fáiġ ṫug ar a ais é ón tsliġe, a duḃairt, Sé óglaċ Dé é, do ḃi easuṁal do ḃreiṫir an TIĠEARNA: ar a naḋḃarsin do ṫoirḃir an TIĠEARNA don leoṁan é, noċ do réub é, agus do ṁarḃ é, do réir ḃreiṫre an TIĠEARNA, noċ do laḃair sé ris.
Oír an glór do ḟúagair sé maille ré breiṫir an TIĠEARNA a naġaiḋ na haltóra a Mbétel, agus a naġaiḋ uile ṫiġeaḋ na náiteaḋ árd noċ atá a gcaiṫreaċaiḃ Ṡamária, tiucfuid a ccríċ go deiṁin.
Oír is marsin do cuireaḋ do ċúram orum lé breiṫir an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Ná hiṫ arán, agus ná hiḃ uisge, agus narab mó ġéaḃus tú an tsliġe ċéadna ag fileaḋ ḋuit.
¶ Tuilleaṁ fós, a naltoír do ḃí a Mbétel, agus a náit árd do rinne Ieroboam ṁac Nébat, noċ ṫug ar Israel peacuġaḋ, a naltóir aráon agus a náit árd do ḃrís sé síos, agus do loisg a náit árd, agus do rinne lúaiṫreaḋ ḋí, agus do loisg an garrán.
Ann sin a duḃairt sé, Cred é an tioda sin do ċím? agus do innsiodar muinntir na caiṫreaċ, Se so tuama óglaiċ Dé, noċ ṫáinic ó Iúdah, agus dfuagair na neiṫesi do rinne tusa a naġaiḋ altóra Ḃetel.
¶ Aċt a núair do ḃí sé láidir, do ḃí a ċroiḋe ar na ṫógḃáil súas ċum a ṁillte féin: óir do ṗeacuiḋ sé a naġaiḋ an TIĠEARNA a Ḋía féin, agus do ċúaiḋ a steaċ a tteampall an TIĠEARNA do losgaḋ túise ar altoír na túise.
Agus do ṫoirmiosgadar Ussiah an ríġ, agus a duḃradar ris, Ní ḃeanann riotsa, a Ussiah, túis do losgaḋ don TIĠEARNA, aċt ris na sagartaiḃ clann Aaron, noċ atá ar na ccoisreagaḋ do losgaḋ túise: imṫiġ amaċ as an tsanctóir; óir do ċiontuiġ tú; agus ní ḃiaiḋ se na onóir ḋuit ón TTIĠEARNA Día.
¶ Anois an ċuid oile do ġníoṁuiḃ Ṡoluiṁ, ó ṫús go deireaḋ, naċ ḃfuilid síad scríoḃṫa a leaḃar Nátain an faíġ, agus a ḃfáiġeadóireaċd Ahiiah an Siloniteaċ, agus a ḃfisiḃ Iddo an féuċadóir a naġaiḋ Ieroboam ṁíc Nebat?
Ann sin imeoċuid caiṫreaċa Iúdah agus áitreaḃṫaċa Ierúsalem, agus éiġfid ar na déeiḃ dá nofráluid túis: aċd ní ċuiṁdeoċuid síad íad ar áonċor a naimsir a ndonuis.
On treas blíaḋain déug do Iosiah ṁac Amon ríġ Iúdah, eaḋon go nuige an lása, (sé sin an treas blíaḋan fíṫċiod,) ṫáinic focal an TIĠEARNA ċugamsa, agus do laḃair mé riḃsi, ag moċéirġe agus ag laḃairt; aċt níor éisteaḃair.
Agus tiucfuid na Caldéanuiġ, ṫroideas a naġaiḋ na caiṫreaċso, agus cuirfid an ċaṫairsi tré ṫeine, agus loiscfid í maille ris na tíġṫiḃ, ar a mullaċ ar ofráladar túis do Ḃaal, agus ar ḋóirteadar amaċ ofrála diġe do ḋéiḃ oile, dom ḃrostúġaḋsa ċum feirge.
Oír ó éirġe gréine eaḋon go dul síos an céadna biáiḋ mainm mór a measc na Ngeinteaḋ; agus ofrálfuiġear túis dom ainm ann gaċ uile áit, agus ofráil ḟiórġlan: óir buḋ mór mainm a mease na ngeinteaḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ.
Ċum a mbeiṫ na ccuiṁne do ċloinn Israel, iondus naċ dtiocfaḋ éanċóiṁiḋeaċ, naċ do ṡíol Aáron, dofráil túise a laṫair an TIĠEARNA; ċor naċ mbiáiḋ sé mar Ċórah, agus mar a ċuideaċduin: mar do ráiḋ an TIĠEARNA ris le láiṁ Ṁáoise.
Agus tainic aingeal eile agus do ṡeas sé a ḃfíaḋnuise na haltora, agá raiḃ sionnsa órrġa; agus tugaḋ móran do neiṫiḃ deaġḃaluiḋ ḋó, ċum a gcurṫa maille ré hurnuiġiḃ na nuile náoṁ ar a naltóir órrġa do ḃí a ḃfíaḋnuise na caṫáoire.
¶ Agus ṫáinic óglaċ Dé go Héli, agus a duḃairt ris, Marso a deir an TIĠEARNA, Ar ḟoillsiġ misi mé féin go soilléir do ṫiġ haṫarsa, a nuáir do ḃádar san Négipt a ttiġ Ṗáraoh?
Agus a duḃairt seision ris, Féuċ, anois atá annsa ccaṫruiġsi duine le Día, agus is duine onóraċ é; a nuile ní a deir sé ṫig a gcríċ go deiṁin: anois tianam annsin; dob éidir go ḃféadfaḋ an tsliġe ionar ċóir ḋúinn dul do ṫeagasg ḋúinn.