Naċ sealḃoċaiḋ tusa an ní noċ do ḃeir do ḋía Ċemos duit re ṡealḃuġaḋ? Mar sin giḋ bé a rbiṫ ċuirfeas ar TTIĠEARNA Día fein amaċ roṁuinne, sealḃoċuim íad.
Aċd, do ġlacaḃair tábernacel Ṁóloċ, agus réult ḃur Ndía féin Remṗan, fíoġraċa noċ do rinneaḃair ċum a naḋra: ar a naḋḃarsin áṫróċa mé siḃ don táoḃ a nunn don Ḃábilóin.
Agus seasfuid a ċosa annsa lósin ar ṡlíaḃ na noluiġeaḋ, noċ atá as coinne Ierusalem san noirṫear, agus scoiltfiḋ slíaḃ na noluiġeaḋ iona lár don leaṫ ṡoir agus don leaṫ ṡíar, na ġleann roṁór; agus áṫroċuid leaṫ an tsléiḃe don táoiḃ ó ṫúaiġ, agus a leaṫ oile don taoiḃ ó ḋeas.
Agus seasfuid láṁa air a ṫaóḃ, agus truáilleoċuid sanctóir an neirt, agus béaruid léo a níoḋbairt laeṫeaṁuil, agus suiḋeoċuid an ġráineaṁlaċd do ní fásaċ.
Gur ḃrúiġ sé án boċt agus an riaċtanaċ, gur ṡlad sé maille re foiréigion, nar aisig sé a ngeall, agus gur ṫóig sé a ṡúile súas ċum na nioḋal, go ndéarna sé gráineaṁlaċt,
Agus ní ṁeasann áonduine iona ċroiḋe, ní mó atá éolus nó tuigse a ráḋ, Do loisg mé cuid de annsa teine: aseaḋ, fós do ḃacail mé arán ar a sméaróidiġiḃ; do róst mé feóil, agus a duáiġ mé í: agus a ndéana mé aḋḟúaṫṁaireaċd don ċuid oile ḋe sin; a nuiṁleoċa mé sios do ḃun crainn?
Agus do ṫruáilliġ sé Toṗet, noċ atá a ngleann ċloinne Hinnom, iondus naċ buḋ ḟéidir lé héanduine a ṫaḃairt air a ṁac nó ar á inġin ḋul ṫríd an tteine go Moleċ.
¶ Agus do ċuáiḋ Dáiḃi suas lé hárd ṡleiḃe na nolaḋ, agus do ġuil sé ag dul súas, agus do ḃí a ċeann a ḃfolaċ, agus é ag imṫeaċd cosnoċd: agus a nuile ḋuine dá raiḃ na ḟoċair dfoluiġ gaċ áon aca a ċeann, agus do ċúadar suas, ag gul ag dul súas dóiḃ.
Go ma malluiġ an duine ḋéanas ioṁáiġ ġráḃálta nó leaġṫa, aṫḟúaṫṁaireaċd don TIĠEARNA, obair láṁ an ḟir ceirde, agus ċuireas a nionad uáiġneaċ í. Agus freagoruiḋ an pobal uile agus déaruid, Amén.
Ann sin loirgfe tú, agus spionfa tú, agus fiafróċá tú go frioċnaṁaċ; agus, féuċ, más firinne é, agus, go ḃfuil an ní dearḃṫa, go ndearnaḋ a leiṫéid sin daḋḟuaṫṁaireaċd ḃur measc;
Annsin cuirfiḋe amaċ na huile ḋúṫċusaiġ a nḟearuinn as ḃur raḋarc, agus scriosfaiḋe a níoṁáiġeaḋ uile, agus millfiḋe a níoṁáiġeaḋ leaġṫa uile, agus leagfuiḋe síos go hiomlán a náite árda uile:
Agus scríosfa misi ḃur náite árda, agus gearrfa mé síos ḃur níoṁaiġe, agus teilgfe mé ḃur gconablaċ ar ċonablaċuiḃ ḃur nioḋal, agus fuaiṫeoċuiḋ manam siḃ.
Agus do rinneadar áite árda Ḃaal, noċ atá a ngleann ṁic Hinnom, do ṫaḃairt air a macaiḃ, agus air a ninġeanuiḃ dul ṫríd an tteine do Ṁoloċ; noċ nar aiṫin misi ḋíoḃ, ní mó ṫáinic sé ann minntinn, go ndéanaidis an ġráineaṁlaċtso, taḃairt ar Iúdah peacuġaḋ.
Ar son saruiġṫe Iácob atá so uile, agus ar son ṗeacaḋ ṫiġe Israel. Cred é sáruġaḋ Iácob? naċ í Samária? agus cred íad áite árda Iúdah? naċ í Ierusalem?