Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Rioġ 11:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Oír tárla a nuáir do ḃí Soluṁ áosta, gur iompóiġeadar a ṁná a ċroiḋe a ndíaiġ dée oile: agus ní raiḃ a ċroiḋe iomlán le na ṪIĠEARNA Día féin, mar do ḃí croiḋe Ḋáiḃi a aṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Rioġ 11:4
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do na cineaḋaċaiḃ a ttaoḃ ar laḃair an TIĠEARNA re cloinn Israel, Ní reaċtaóise a steaċ ċugṫasan, ní mo ṫiocfaid síadsan a steaċ ċugaiḃsi: oír go deiṁin iompoċuid síad ḃur ccroiḋṫe do leauṁuin a ndee: do ġreamuiḋ Solaṁ díoḃsa a ngráḋ.


Do ċionn gur ṫréigiodar mé, agus gur áḋradar Astarot baindía na Sidónianaċ, Ċémos diá na Moabíteaċ, agus Milcom día ċloinne Ammon, agus nar ṡiuḃluiġeadar ann mo ṡliġṫiḃsi, do ḋéanaṁ an neiṫe is ceart ann mo raḋarc, agus mo reaċda do ċoiṁéud agus mo ḃreṫeaṁnuis, mar do rinne Dáiḃi a aṫair.


Agus is aṁluiḋ ḃías, má éisteann tú ré gaċ uile ni dá naiṫeonuiḋ misi ḋiot, agus go siuḃoluiḋ tú ann mo ṡliġṫiḃ, agus go ndeanair an ní ḃíus ceart ann mo raḋarc, do ċoiṁéad mo reaċda agus maiṫeanta, mar do rinne Dáiḃi mo ṡearḃḟoġantuiġ; go mbiáiḋ misi leatsa, agus go ndéana mé tiġ daingion duit, mar do rinne mé do Ḋáiḃi, agus do ḃéara mé Israel ḋuit.


Agus an fad do ḃí Soluṁ na ríġ an Ierusalem ós cionn Israel uile do buḋ ḋá ḟiṫċiod ḃlíaḋan.


Agus do rinne Solaṁ olc a raḋarc an TIĠEARNA, agus níor lean go hiomlán an TIĠEARNA, mar do rinne Dáiḃi a aṫair.


¶ Agus do ḃí an TIĠEARNA feargaċ ré Solaṁ, do ḃríġ gur iompóiġ a ċroiḋe ón TTIĠEARNA Día Israel, noċ do taiḋḃreaḋ ḋó fa ḋó,


¶ Agus do ḃí Rehoboam mac Soluiṁ na riġ ann Iúdah. Do ḃí Rehoboam blíaḋuin agus da fiċṫiod daóis a núair do ṫosuiġ sé ḃeiṫ na ríġ, agus do ḃí na ríġ seaċd mblíaḋna déug ann Ierusalem, an caṫair do ṫoġ an TIĠEARNA amaċ as treaḃuiḃ Israel uile, do ċur a anma innte. Agus do bé ainm á ṁaṫar Náamah Ammoníteaċ.


Aċd níor háṫruiġeaḋ na háite árda: giḋeaḋ do ḃí croiḋe Asa iomlán leis an TTIĠEARNA an fad do ṁair sé.


Agus do ṡiuḃail sé a bpeacaḋuiḃ a aṫar uile, noċ do rinne roiṁe: agus ní raiḃ a ċroiḋe iomlan le na ṪIĠEARNA Día, már ċroiḋe a aṫar Dáiḃi.


Agus do ġráḋuiġ Solaṁ an TIĠEARNA, ag imṫeaċd a statúidiḃ Ḋaiḃi a aṫar: aṁaín do níoḋ sé íoḋbairt agus do loisceaḋ túis ar na hárduiḃ.


Agus tárla annsa ċeaṫraṁaḋ céud agus ceiṫre fiṫċid bliaḋain tar éis ċloinne Israel do ṫeaċd amaċ as tír na Hégipte, ann sa ċeaṫraṁaḋ blíaḋain do rioġaċd Ṡoluiṁ ós cionn Israel, ann sa mí Sif, sé sin dara mí, do ṫionnsguin sé tiġ an TIĠEARNA do ċur suás.


Bíoḋ ḃur gcroiḋe ar a naḋḃar sin iomlán leis an TTIĠEARNA ar Ndía, do ṡiuḃal iona statúidiḃ, agus do ċoíṁéud a aiṫeantaḋ uile, aṁuil San ló a niuġ.


¶ Agus tárla a gcionn ḟiṫċiod bliaḋan, tair éis Soláṁ an dá ṫiġ do ḋéanaṁ, tiġ an TIĠEARNA, agus tiġ an ríġ,


Agus má ṡiuḃluiġionn tusa am laṫair, mar do ṡiuḃuil haṫair Dáiḃi, a niomláine croiḋe, agus a ḃfíréantaċd, do ḋéanaṁ gaċ uile neiṫe dar aiṫin misi ḋíot, agus go ccoiṁéadfa tú mo statúidiġ agus mo ḃreiṫeaṁnuis:


Guiḋim ṫú, O a ṪIĠEARNA, cuiṁniġ a nois mar do ṡiuḃail mé ad laṫair a ḃfírinne agus maille re croiḋe iomlán, agus go ndéarna mé an ní buḋ ṁaiṫ ad raḋarc. Agus do ġuil Heseciah go géur.


¶ Agus ṫusa, a Ṡoluiṁ a ṁic, bioḋ fios Dé haṫar agad, agus deana serḃis dó le croiḋe iomlán agus lé toil aontaḋuiġ: óir spíonuiḋ an TIĠEARNA na huile ċroiḋṫe, agus tuigiḋ sé na huile ḃreaṫnuiġṫe na smuaintiġeaḋ: ma íarrann tú é, do ġeaḃa tú é; aċt má ṫréigionn tú é, teílgfiḋ sé úaḋ ṫú go bráṫ.


Agus taḃair dom ṁac Solaṁ croiḋe iomlán, do ċoiṁéad haiṫeantaḋ, ṫfiaġnuiseaḋ, agus do reaċda, agus do ḋéanaṁ na neiṫionnso uile, agus do ċur an ṗáláis súas, a ccoinne a ndéarna misi solaṫar.


Agus do ḃí an TIĠEARNA le Iehosaṗat, do ḃríġ gur ṡiuḃuil sé a ccéidṡlíġṫiḃ a aṫar Dáiḃi, agus nar íarr sé‐ċum Baalim;


Agus do rinne sé an ní fa ṁaiṫ a raḋarc an TIĠEARNA, aċt ní lé croiḋe iomlán.


Agus do rinne sé an ní fa ceart a raḋarc an TIĠEARNA, agus do ṡiuḃall sé a sliġṫiḃ Ḋáiḃi a aṫar, agus níor ċláon dan láiṁ ḋeis, nó ċlé.


Ní ḃíaiḋ Día ar biṫ eile agad am láṫairse.


Ní mó ċruinneoċus sé iomad ban dó féin, ċor naċ ḃfillfiḋ a ċroiḋe ar ais: agus ní mó ċruinneoċus sé ḋó féin ainiomad óir nó airgid.


Oír fillfid síad do ṁae ó misi leanṁuin, ċum serḃísi do ḋéanaṁ do ḋeéiḃ oile: mar sin ḃías fearg an TIĠEARNA ar na lasaḋ ad aġaiḋ, agus léirscriósfa sé ṫú go hobann.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ