7 Giḋeaḋ níor ċreid mé na bríaṫra, nó go ttáinic mé, agus go ḃfacuiḋ mo ṡúile íad: agus, féuċ, níor hinnseaḋ a leaṫ ḋaṁ: do ṡáruiġ do ċríonnaċd agus do ṡonus an túarusgḃáil do ċúala mé.
¶ Oír ní ċúaladar daóine ó ṫosaċ an doṁuin, níor ṁoṫuiġeadar leis an ccluáis, ní mó do ċonnairc an tsúil, a Ḋía, taoḃ amuiġ ḋiotsa, an ní dullṁaiġ sé don tí ḟeiṫios air.
A ċáirde, as clann do Ḋía sinn a nois, aċd ní léir fós créd ḃus sinn: giḋeaḋ atá a ḟios aguinn, an tan ḟoillséoċar eision, go mbíam cosṁuil ris; óir do ċífeam é do réir mar atá sé.