I Rioġ 10:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)5 Agus biáḋ a ḃuird, agus suiḋe a ṡerḃíseaċ, agus miniostralaċd a luċd friṫeoilte, agus a néuduiġe, agus fós a ġiolluiġe cupáin, agus a ḋul súas mar a ttíaġ súas go tiġ an TIĠEARNA; ní raiḃ nios mó do spioruid inte. အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
Agus daṁairc sí, agus, féuċ, do ṡeas an ríġ agá ṗiléur ag an ndul a steaċ, agus na prionnsaḋa agus na trumpaḋa a ḃfoċair an ríġ: agus do ḃí pobal na tíre úile ag gáirdeaċus, agus ag déanaṁ fuáime lé stocaiḃ, agus an luċd ciúil le haḋḃaḋuiḃ ciúil, agus an ṁéid do ṫeagaisgeaḋ duáin ṁolta. Ann sin do ḃris Ataliah a héadaċ, agus a duḃairt, Feall, feall.
Agus tárla, a núair do ċúaladar uile ríġṫe na Namoríteaċ, do ḃí ré táoḃ Iordan don táoḃ ṡíar, agus uile ríġṫe na Gcanaaníteaċ, do ḃí láiṁ ris an ḃfairge, gur ṫiurmuiġ an TIĠEARNA uisgiḋe Iordan súas roiṁe ċloinn Israel, nó go ndeaċamar ṫairis, gur leaġaiḋ a ccroiḋe, agus naċ raiḃ spiorad ionta ní ḃus mó, tre eagla ċloinne Israel.