Agus biáḋ a ḃuird, agus suiḋe a ṡerḃíseaċ, agus miniostralaċd a luċd friṫeoilte, agus a néuduiġe, agus fós a ġiolluiġe cupáin, agus a ḋul súas mar a ttíaġ súas go tiġ an TIĠEARNA; ní raiḃ nios mó do spioruid inte.
Agus tuilleaṁ fós, do ḃríġ go raiḃ an seanmóntuiġ glic, do ṁúin sé éolus do ġnáṫ don ṗobal; ṫug sé fós aire ṁaiṫ, agus do spíon sé amaċ, agus do ċuir móran seanḟocal a nórduġaḋ.
Eíreoċuiḋ bainríoġan an táoiḃe buḋ ḋead a mbreiṫeaṁnus leis an ngeinealaċso, agus daimnéoċuiḋ sí é: óir ṫainic sisí ó leiṫimealuiḃ na talṁan déisdeaċd re heagna Ṡolaiṁ; agus, féuċ, a tá neaċ as mó ná Solaṁ ann so.
Taḃraiḋ dá ḃur naire na liliḋe ciondus ḟásaid síad: ní ḋéanuid síad sáoṫar, agus ní ṡníoṁuid síad; aċd a deirim riḃ, naċ raiḃ Solaṁ féin ann a ġlóir uile ar na éaduġaḋ mar áon díoḃ so.