Ann sin a duḃairt do ḃanóglaċ, Biáiḋ anois focal mo ṫiġearna an ríġ caḃarṫaċ: óir aṁuil aingeal Dé, is marsin atá mo ṫiġearna an ríġ do ṫuigsin uilc agus maiṫeasa: uimesin biáiḋ do ṪIĠEARNA Día maille ríot.
Do ṫaḃairt na cúisisi timċioll san ḃfoirm ċaintesi do rinne do ṡearḃḟoġantuiġ Ióab an nísi: agus atá mo ṫiġearna glic, do réir ġliocuis aingil Dé, daiṫne gaċ uile neiṫe dá ḃfuil ar an ttaluṁ.
Agus ṫáinic sí go Hierusalem ré cuideaċduin roṁóir, maille re cáṁalluiḃ diomċuir spíosraiḋ, agus iomarcaiġ óir, agus cloċa uáisle: agus a nuáir ṫáinic sí mar a raiḃ Soláṁ, do ċoṁráiḋ si ris fá gaċ éinni dá raiḃ ann a croiḋe.
Féaċ, do rinne mé do réir ṫfocail: féaċ, ṫug mé ḋuit croiḋe glic tuigseaċ; iondus naċ raiḃ éanduine cosṁuil riot roṁad, ni mó éireoċus éanduine ad ḋiáiġ buḋ cosṁuil riot.
Agus do ḃéara mé na daill a sliġe naċ aiṫne ḋóiḃ; tréoroċuiḋ mé íad a sliġe nar ḃfeas dóiḃ: do ḋéana mé an dorċadas na ṡolus rompa, agus na neiṫe cama díreaċ. Ag so na neiṫe ḋéanas mé ḋóiḃ agus ní ṫréigfe mé íad.