52 Agus a duḃairt Solaṁ, Má ḟoillsiġionn sé é féin na ḋuine curata, ní raċa éan ruibe ḋá ġruáig fá ṫaluṁ: aċt má geiḃṫear droiċṁéin ann, cuirfiġear ċum báis é.
Ann sin a duḃairt sisi, Guiḋim ṫú, cuiṁniġeaḋ an ríġ do ṪIĠEARNA Día, ná fuiling do ḋioġaltaċ na fola nios mó do ṁarḃaḋ, deagla go muirfidis mo ṁacsa. Agus a duḃairt seision, Mar ṁairios an TIĠEARNA, ní raċuiḋ ruibe do ġruáig do ṁíc ċum na talṁan.
Agus do hinnseaḋ do Ṡolaṁ ḋá ráḋ, Féuċ, atá eagla ar Adoniiah roiṁe an ríġ Solaṁ: óir, féuċ, rug sé greim ar aḋarcaiḃ na haltora, ġa ráḋ, Tugaḋ an ríġ Solaṁ a ṁionna ḋaṁsa a niuġ naċ muirtiḋ se a ṡearḃḟoġantuiġ leis an gcloiḋeaṁ.
Mar sin do ċuir an ríġ Solaṁ fios air, agus ṫugadar léo a nuas ó naltóir é. Agus ṫáinic sé, agus duṁluiġ é féin don ríġ Solaṁ: agus a duḃairt Solaṁ ris, Imṫiġ dot ṫiġ.
Agus a duḃradar an pobal re Saul, An ḃfuiġe Ionatan bás, noċ do oibriġ an tárṫáil ṁórso ann Israel? Nar léigiḋ Día: mar ṁaireas an TIĠEARNA, ní raċaiḋ ruibe do ġruáig a ċinn ċum talṁan; óir do oibriġ sé le Día a niuġ. Mar sin do ḃeanadar an pobal Ionatan amaċ, naċ ar cuireaḋ ċum báis é.