5 ¶ Ann sin do árduiġ Adoniiaṫ mac Haggit é féin, ġa ráḋ, Biáiḋ misi am ríġ: agus do ġleús sé carbuid agus marcṡluáġ ḋó féin, agus cáogad fear do rioṫ roiṁe.
¶ Uimesin do laḃair Nátan re Batséba maṫair Ṡoláiṁ, ġa ráḋ, Naċ ccúala tusa go ḃfuil Adoniiah mac Haggit na ríġ, agus ní ḃfuil a ḟios sin ag Dáiḃi ar ttiġearna?
Agus a duḃairt seision, Atá a ḟios agad go maḋ liomsa an rioġaċd, agus gur iompóiġ Israel uile a naġaiḋ orum, dom ḃeiṫ am ríġ: giḋeaḋ diompóiġ an rioġaċd fa gcuairt, agus ṫáinic ċum mo ḋearḃraṫar: óir fa leision ón TTIĠEARNA í.
Anois ar a naḋḃarsin, mar ṁairios an TIĠEARNA, noċ do ḋainguiḋ misi, agus do ċuir am ṡuiġe a gcaṫaoir Ḋáiḃi maṫar me, agus noċ do rinne tiġ ḋaṁ, mar do ġeall sé, cuirfiġṫear Adoniiah ċum báis a niuġ.
Agus tair mo ṁacaiḃ uile, (óir ṫug an TIĠEARNA mórán mac ḋaṁ,) do ṫoġ sé Solaṁ mo ṁac do ṡuiḋe annsa ċaṫaoir ríoġa a ríoġaċd an TIĠEARNA ós cionn Israel.
Tuilleaṁ olle a duḃairt Dáiḃi ríġ ris an ccoṁċruinniuġaḋ uile, Mo ṁac Solaṁ, aṁáin noċ do ṫoġ Día, atá sé fós óg agus maoṫ, agus atá a nobair mór: óir ní do ḋuine atá an pálás, aċd don TIĠEARNA Día.
Atá a ndúiṫċe mar an ccéadna lán dairgiod agus dór, agus ní ḃfuil críoċ ar a nionnṁus; atá a ndúiṫċe mar an ccéadna lán deaċaiḃ, agus ní ḃfuil críoċ ar a ccarbaduiḃ:
Guiḋim siḃ, laḃruiḋ, a néisteaċd ṁuinntíre Sċeċem uile, Cía as féarr ḋíḃsi, deiṫneaṁar agus trí fiṫċid fear, mic Ierubbaal uile, do riaġlaḋ ós ḃur gcionn, no éanduine aṁáin do ríaġluġaḋ ós ḃur ccionn? cuiṁniġiḋ mar an gcéadna gur misi ḃur gcnáiṁ agus ḃur ḃfeóil.