Ar a naḋḃarsin a duḃradar a ṡearḃḟoġantuiġiḋ ris, Iarṫar dom ṫiġearna an ríġ maiġdion óg: agus seasaḋ sí as coinne an ríġ, agus déanaḋ sí friṫeolaṁ ḋó, agus luiġeaḋ sí iona ḃrollaċ, ċor go ḃfuiġe mo ṫiġearna an ríġ teas.
Marsin do imṫiġ sí agus ṫáinic go hóglaċ Dé go slíaḃ Carmel. Agus tárla, a nuáir do ċonnairc óglaċ Dé í a ḃfad uaḋ, go nduḃairt sé ré Gehasi a óglaċ, Féuċ, sí súd an Tsunamíteaċ:
¶ Agus tárla lá éigin, gur ġaḃ Elisa ṫríd Ṡunem, mar a raiḃ bean ṁórḋa; gur ċoiṁeigniġ sí é diṫe aráin. Agus is marsin do ḃí, dá ṁionca dá ngéaḃaḋ annsin, go ttíaġ se a steaċ ann diṫe aráin.
¶ Agus do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ íad féin a néanáit, agus ṫangadar agus do ṡuiġeadar a Sunem: agus do ċruinniġ Saul Israel uile, agus do rinneadar foslungṗort a Ngilboa.